Skip to main content
Normal View

Commission Report.

Dáil Éireann Debate, Thursday - 3 June 2004

Thursday, 3 June 2004

Questions (79)

Eamon Gilmore

Question:

70 D’fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta i leith teorainn na Gaeltachta a athrú. [16807/04]

View answer

Written answers

Moladh i dtuarascáil Choimisiún na Gaeltachta go mba chóir staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar an nGaeltacht a thionscnamh. Mar is eol don Teachta, d'fhógair mé ar 31 Eanáir 2004 go raibh conradh chun staidéar ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht á bhronnadh ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i gcomhar leis an Institiúid Náisiúnta um Anailís Réigiúnach agus Spásúil, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad.

Meastar go dtógfaidh an staidéar, a thosaigh i mí Aibreáin, dhá bhliain go leith le cur i gcrích, rud a fhágann nach mbeidh torthaí críochnúla ar fáil go dtí mí Mheán Fómhair 2006 ar a thúisce. Bainfear úsáid as torthaí an staidéir mar bhunús chun forbairt theangeolaíoch na Gaeltachta mar cheantar labhartha Gaeilge a threisiú agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar na limistéir oifigiúla Ghaeltachta, faoi mar a moladh i dTuarascáil an Choimisiúin. Cuirfear aon mholtaí maidir le hathruithe ar na limistéir faoi bhráid an Rialtais in am tráth.

Question No. 71 answered with QuestionNo. 18.
Top
Share