Skip to main content
Normal View

Scéim Tógála Scoile.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 29 June 2004

Tuesday, 29 June 2004

Questions (217)

Dinny McGinley

Question:

215 D’fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais agus Eolaíochta cad é an dul chun cinn atá deánta go dáta maidir le hiarbhunscoil a chur ar fáil ar Oileán Thoraí; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [19350/04]

View answer

Written answers

Nuair a chuireas an scéim tógála scoile 2004 i gcló, chuireas in iúl go mbeadh mo stráitéis i ndul chun chinn bunaithe ar dháiliú ilbhliantúil i bhfuilleamh caipitiúil. Tá mo oifigigh ag déanamh athbhreithniú ar na tionscnaimh uile nach bhfuil údarás tógála faighte acu go fóill mar chuid de scéim tógála scoile 2004, le súil go mbeidh siad san áireamh mar chuid d'fheachtas ilbhliantúil tógála scoile 2005 agus táim ag súil go mbeidh ar mo chumas breis eolais a fhógairt faoin ghnó seo le linn na bliana. Cuirfear an t-iarratas ó Choláiste Pobail, Oileán Thoraí san áireamh sa chomhthéacs seo.

Top
Share