Skip to main content
Normal View

Schools Building Projects.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 7 July 2004

Wednesday, 7 July 2004

Questions (193, 194, 195)

Seymour Crawford

Question:

189 Mr. Crawford asked the Minister for Education and Science the restructuring and extension to Ballybay community college; his views on the fact that the failure to carry out these vital and necessary works long promised and long overdue is putting the actual future of this school at risk; his further views on the fact that in spite of all its structural problems this VEC College produced the best results in County Monaghan in the year 2003; and if he will make a statement on the matter. [20600/04]

View answer

Written answers

A large scale building project for Ballybay Community College is listed in section 9 of the 2004 school building programme which is published on my Department's website at www.education.ie. This project is at stage 3, detailed plans-costs, of architectural planning. It has been assigned a band 2 rating by my Department in accordance with the published criteria for prioritising large-scale projects.

The budget announcement regarding multi-annual capital envelopes will enable me to adopt a multi-annual framework for the school building programme which in turn will give greater clarity regarding projects that are not progressing to tender in this year's programme including Ballybay community college. I will make a further announcement in that regard during the year.

Brian O'Shea

Question:

190 D’fhiafraigh Mr. O’Shea den Aire Oideachais agus Eolaíochta an aontaíonn sé go bhfuil ag teip ar an gcóras oideachais maidir le múineadh na Gaeilge (sonraí tugtha) agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [20608/04]

View answer

Déanann an Stát infheistíocht shuntasach i dteagasc na Gaeilge ag gach leibhéal. Féachtar chuige go bhfaigheann na hoidí oiliúint cheart réamhsheirbhíse agus inseirbhíse i múineadh na teanga. Féachann na cigirí chuige go múintear an Ghaeilge do na daltaí uile sa chóras ach amháin iad sin go bhfuil díolúine oifigiúil acu. Leagann an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta amach an curaclam agus bíonn na comhpháirtithe san oideachas páirteach san obair sin. Tá curaclam nua, nua-aoiseach i bhfeidhm sna bunscoileanna ó 1999 i leith.

I nDaonáireamh na bliana 2002 fuarthas go raibh cumas Gaeilge ag 1, 570, 894 duine sa tír, líon nár bheag agus fás de 140, 689 ón Daonáireamh roimhe sin. Is don chóras oideachais atá an chuid is mó den chreidiúint ag dul as an méid sin.

Admhaíonn gach éinne an dul chun cinn atá déanta ag Gaelscoileanna le blianta anuas agus tugann an Roinn Oideachais agus Eolaíochta cúnamh ar leith dóibh sin. Maoiníonn an córas stáit foilseacháin Ghaeilge tríd an nGúm chun cur le teagasc na Gaeilge. Ar leibhéal níos neamhfhoirmiúla cuidíonnna coláistí samhraidh le cur chun cinn na Gaeilge ag lucht scoile. Is tríd an gcóras oideachais a mhaoinítear iad sin.

Déanaim tagairt ar leith don obair atá déanta ag an gClár Tacaíochta don gCuraclam Bunscoile agus go háirithe don éifeacht atá ag na cuiditheoirí teanga maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn. Aithním go bhfuil fadhbanna ann fós. Caithfear tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i gcumasú múinteoirí sna modhanna múinte is fearr. Caithfear féachaint chuige go bhfaigheann na mic léinn sna coláistí oideachais an réamhoiliúint is fearr ní hamháin le haghaidh teagaisc i ngnáthscoileanna ach i scoileanna lánGhaeilge agus scoileanna Gaeltachta chomh maith. Táim sásta leis an dul chun cinn atá déanta ag an gcóras oideachais ó thaobh forbairt na Gaeilge.

Seán Crowe

Question:

191 D’fhiafraigh Mr. Crowe den Aire Oideachais agus Eolaíochta cé atá freagrach as na téacsleabhair a chur ar fáil i nGaeilge le freastal a dhéanamh ar an gcuraclam úr atá anois i bhfeidhm sna Bunscoileanna Gaeltachta. [20609/04]

View answer

Faoi fhorálacha Alt 31 den Acht Oideachais (1998), bunaíodh An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta i Mí Márta 2002.

I measc feidhmeanna na Comhairle deirtear: Alt 31 — (1) (a) (i) "Bunóidh an tAire comhlacht daoine chun soláthar téacsleabhar agus áiseanna d'fhoghlaim agus do mhúineadh trí Ghaeilge a phleanáil agus a chomheagrú".

Forbraíodh Plean Straitéiseach don Chomhairle i 2003 agus tá sé mar sprioc ag an gComhairle plean soláthar comhordaithe a fhorbairt. Tá iniúchadh déanta ar an soláthar atá ar fáil agus sainiú déanta ar na riachtanais. Tá comhchoiste le teacht le chéile go luath ar a mbeidh ionadaithe ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta; An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta; Foras na Gaeilge/An Gúm; Údarás na Gaeltachta; An tÁisaonad agus an Chomhairle le tús a chur le plean soláthar.

Is iad Foras na Gaeilge (an ghníomhaireacht teanga) agus Gníomhaireacht na hUltaise (Tha Boord o Ulstèr-Scotch) an dá chuid den Fhoras Teanga, an comhlacht teanga Thuaidh/Theas, ceann de na comhlachtaí forfheidhmithe a bunaíodh faoi théarmaí Chomhaontú Bhéal Feirste. Is foras trasteorainn é Foras na Gaeilge a bhfuil forbairt na Gaeilge, an ghaelscolaíocht ar oileán na hÉireann san áireamh, mar chúram aige. I measc na freagrachtaí i leith an oideachais atá air tá: Measúnú a dhéanamh ar na hacmhainní atá ann d'oideachas trí mheán na Gaeilge agus múineadh na Gaeilge, ina measc sin, soláthar sásúil téacsleabhar, ábhar agus acmhainní teagaisc: Ról na Roinne Oideachais agus Eolaíochta maidir leis an nGúm Bunaíodh An Gúm i 1926. Ba chuid den Roinn Oideachais é go dtí gur bunaíodh na forais thrasteorann i mí na Nollag 1999 agus is cuid d'Fhoras na Gaeilge ó shin é. Sa lá atá inniu ann is ag plé leis an bhfoclóireacht, le foilsiú téacsleabhar agus áiseanna scoile agus le hábhar léitheoireachta don aos óg is mó a bhíonn An Gúm.

Top
Share