Skip to main content
Normal View

Coimisiún na Gaeltachta.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 5 October 2004

Tuesday, 5 October 2004

Questions (108)

Enda Kenny

Question:

213 D’fhiafraigh Mr. Kenny den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cen dul chun cinn atá déanta aige chun moltaí Choimisiún na Gaeltachta a chur i bhfeidhm. [22733/04]

View answer

Written answers

I measc na gcéimeanna suntasacha a glacadh le tamall anuas chun moltaí sonracha atá déanta i dtuarascáil Choimisiún na Gaeltachta a chur chun cinn tá na céimeanna seo a leanas:

Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ina dhlí anois, rud a thugann aghaidh ar chur i bhfeidhm cúig chinn de mholtaí sonracha an choimisiúin agus tá cur síos ar an dul chun cinn agus ar chéimeanna eile atá glactha i gcomhthéacs an Achta sna freagraí a thug mé inniu ar Cheisteanna Uimh. 22794 agus 22673;

D'fhógair mé i mí Iúil go bhfuil an Rialtas le tús a chur le próiseas plé le baillstát eile an Aontais Eorpaigh agus le Coimisiún an Aontais d'fhonn stádas oifigiúil oibre a iarraidh don Ghaeilge san AE faoi rialachán Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa;

Bronnadh conradh i mí Eanáir 2004 ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i gcomhar leis an Institiúid Náisiúnta um Anailís Réigiúnach agus Spásúil, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, chun staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar an nGaeltacht a thionscnamh, agus tá cur síos níos iomláine ar an dtogra sa bhfreagra a thug mé inniu ar Cheisteanna Uimh. 138, 141 agus 165;

Sheol mé feachtas feasachta teanga ar 13 Meán Fómhair faoin teideal "Ár dTeanga Nádúrtha Féin" d'fhonn na buntáistí a bhaineann le húsáid na Gaeilge mar phríomh-theanga teaghlaigh a chur ina luí ar thuismitheoirí na Gaeltachta agus tá tuilleadh eolais i dtaobh an fheachtais sin sa bhfreagra a thug mé inniu ar Cheist Uimh. 191; agus

D'fhógair mé níos luaithe i mbliana go raibh ciste gur fiú €1.56 milliún thar trí bliana á bhunú agam chun tionscnamh pleanála teanga a chur chun cinn sa Ghaeltacht ar bhonn trialach thar tréimhse trí bliana; tá na hiarratais uilig a fuarthas ó Chomharchumainn Ghaeltachta, chomh maith le heagraíochtaí pobalbhunaithe eile, scrúdaithe anois agus beidh na heagraíochta rathúla á aithneofar chun críche aitheantais á bhfógairt agam go han-luath.

I measc na mbeartas eile a bhaineann le tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta atá idir lámha nó bainte amach, tá: athbhreithniú ar scéim na gcúntóirí teanga, ar scéim labhairt na Gaeilge agus ar scéim na gcampaí samhraidh agus scéimeanna leasuithe curtha nó á chur i bhfeidhm; deontas ceadaithe le hOidhreacht Chorca Dhuibhne lena chumasú scéim chuairteoirí baile a thionscnamh ar bhonn trialach; aighneacht maidir le gnéithe criticiúla a mbíonn tionchar acu ar úsáid na Gaeilge sa chóras bunoideachais agus iarbhunoideachais sa Ghaeltacht curtha faoi bhráid na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta chomh maith le cruinnithe rialta leis an Aire Oideachais agus Eolaíochta agus lena Roinn; aighneachtaí curtha chuig na húdaráis áitiúla le ceantair Ghaeltachta iontu chun a n-aird a dhíriú ar an ngá atá le polasaithe dearfacha chun freastal ar riachtanais shainiúla na Gaeltachta; tacaíocht bhreise curtha ar fáil d'Ollscoil na hÉireann Gaillimh chun oideachas tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge a fhorbairt tuilleadh sa Ghaeltacht; moltaí déanta i ndáil le hathstruchtúrú an chórais faoina gcuireann Údarás na Gaeltachta cúnamh ar fáil don earnáil réamhscolaíochta sa Ghaeltacht; agus, struchtúr nua d'eagrais óige sa Ghaeltacht á gcur chun cinn ag an údarás.

Chun tuilleadh béime a chur ar thograí agus ar ghníomhaíochtaí atá tairbheach don teanga sa Ghaeltacht, tá soláthar breise de €890,000 ar fáil do mo Roinn i mbliana chun tionscnaimh dá leithéid a mhaoiniú agus chun díriú tuilleadh ar ghníomhaíochtaí teanga-lárnaithe trí chéile. Chomh maith leis sin, tá €1 milliún sa bhreis ceadaithe agam d'Údarás na Gaeltachta lena chumasú dóibh béim níos láidre a chur ar naíscolaíocht, ar sheirbhísí don óige, ar gníomhaíochtaí na gComharchumann agus ar sheirbhísí tacaíochta eile don Ghaeilge sa Ghaeltacht.

Top
Share