Skip to main content
Normal View

Polasaí Dátheangach.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 5 October 2004

Tuesday, 5 October 2004

Questions (113)

Fergus O'Dowd

Question:

221 D’fhiafraigh Mr. O’Dowd den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta aige ó ritheadh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, agus an bhfuil go leor airgid ag na 650 comhlachtaí pobail chun leibhéil agus caighdeáin fheabhsaithe seirbhísí poiblí a chur ar fáil trí Ghaeilge, agus an gceapann sé go mbeidh breis airgid ag teastáil uathu. [22673/04]

View answer

Written answers

Tá dul chun cinn suntasach déanta ag mo Roinnse ó thaobh cur i bhfeidhm fhorálacha an Achta. I measc na bpríomh-chéimeanna atá tógtha go dáta: tá €500,000 curtha ar fáil i Meastacháin mo Roinne don bhliain seo chun Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla a mhaoiniú agus tá an tUasal Seán Ó Cuirreáin ceaptha ag an Uachtarán mar An Coimisinéir Teanga le héifeacht ó 23 Feabhra 2004; rinne mé ordú tosach feidhme ar 19 Eanáir 2004 a thugann feidhm don chuid is mó d'fhorálacha an Achta le héifeacht ón lá sin agus ó 1 Bealtaine 2004 i gcás alt 10; agus foilsíodh dréacht de threoirlínte faoi alt 12 den Acht ag tús mí Iúil chun cuidiú le comhlachtaí poiblí chun caighdeáin a sheirbhísí trí mheán na Gaeilge a fheabhsú ar bhealach comhtháite, céimiúil agus aontaithe; cuireadh cóip ar aghaidh chuig gach comhlacht poiblí agus iarradh orthu a dtuairimí a chur ar fáil do mo Roinnse le breithniú.

Mar is eol don Teachta, ní foláir, d'fhoilsigh mo Roinnse an leagan daingnithe de na treoirlínte ar an Déardaoin seo chaite, agus d'fhógair mé chomh maith ainmneacha an chéad 25 chomhlacht poiblí atá i mbun dréacht-scéim a ullmhú i gcomhréir leis na treoirlínte sin. Tá scéim mo Roinne féin faoin Acht, a bheidh mar mhúnla do chomhlachtaí poiblí eile, foilsithe inniu freisin.

Maidir le hullmhú scéimeanna faoin Acht, ní miste dom a mhíniú go dtosnaíonn an próiseas le fógra i scríbhinn chuig an comhlacht poiblí i gceist ón Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, agus go bhfuil tréimhse suas go sé mhí ag an gcomhlacht le dréacht-scéim a ullmhú agus a chur faoi bhráid. Caithfear a thuiscint, mar sin, gur beag an líon scéimeanna a bheidh i bhfeidhm sa ghearr-thréimhse.

Mar a dúirt mé, táim sásta go bhfuil dul chun cinn suntasach á dhéanamh ag mo Roinnse maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha an Achta ar bhonn chéimiúil. Táim sásta freisin go n-éireoidh leis na comhlachtaí poiblí na dualgais reachtúla a thitfidh orthu go céimiúil faoin Acht a chomhlíonadh agus go deimhin go nglacfaidh said leis an dúshlán le meon dearfach agus sa spiorad ceart. Ar ndóigh, beidh gach scéim dréachtaithe ag na comhlachtaí poiblí i gcomhthéacs agus ar bhonn na n-acmhainní — idir airgead agus foireann — atá acu nó a bheidh ar fáil dóibh le linn thréimhse na scéime. Ní féidir gach rud a bhaint amach thar oíche agus, mar a dúirt mé ón dtús, is í an aidhm atá agam ná go mbeidh feabhsúcháin á mbaint amach — thar thréimhse roinnt scéimeanna, b'fhéidir — ar leibhéal agus ar chaighdeán na seirbhísí poiblí a bhíonn á gcur ar fáil trí Ghaeilge, de réir éilimh.

An méid sin ráite, is gnó do na comhlachtaí poiblí féin, ar ndóigh, a chinntiú go gcomhlíonfar na dualgais a thitfidh orthu faoin Acht seo sa chaoi chéanna agus a chomhlíontar dualgais faoi aon reachtaíocht eile.

Question No. 222 answered with QuestionNo. 210.
Top
Share