Skip to main content
Normal View

An Coimisiún Logainmneacha.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 5 October 2004

Tuesday, 5 October 2004

Questions (51)

Gay Mitchell

Question:

158 D’fhiafraigh Mr. G. Mitchell den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta ag an gCoimisiún Logainmneacha ó ceapadh é. [22674/04]

View answer

Written answers

Ceapadh an Coimisiún Logainmneacha atá ann faoi láthair faoi théarmaí tagartha nua i mí Iúil 2003 agus bhí seacht gcruinniú aige go dtí seo. Is é príomh-théarma tagartha an choimisiúin ná comhairle a thabhairt dom mar Aire i dtaobh logainmneacha Gaeilge a dhearbhú le hordú faoi fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Faoi alt 32 den Acht sin, féadfaidh an tAire, tar éis dó comhairle a fháil ón gcoimisiún agus an chomhairle sin a bhreithniú, le hordú a dhearbhú gurb é an leagan Gaeilge de logainm a bheidh sonraithe san ordú cibé focal nó focail a shonróidh sé san ordú.

Go dtí seo, tá comhairle tugtha ag an gcoimisiún dom i dtaobh seacht n-ordú logainmneacha agus shínigh mé na horduithe sin ar 30 Deireadh Fómhair 2004. Tugann na horduithe sin comhionannas dlíthiúil d'ainmneacha Gaeilge na gcontaetha agus na gcúigí, agus d'ainmneacha Gaeilge na n-aonad riaracháin i gcontaetha Chill Chainnigh, Phort Láirge, Luimnigh, Lú, Mhuineacháin agus Uíbh Fhailí. Tá na leaganacha Gaeilge bunaithe ar thaighde a rinne an brainse logainmneacha i mo Roinnse. Déanfar orduithe i dtaobh logainmneacha Gaeilge na gcontaetha eile de réir mar a bheas an taighde cuí déanta orthu.

Faoi láthair, tá próiseas ar siúl chun stádas dlíthiúil a thabhairt do leaganacha Gaeilge na logainmneacha sna ceantair Ghaeltachta uilig agus tá comhairle tugtha ag an gCoimisiún Logainmneacha i dtaobh na leaganacha sin. Chun seans a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta a bheith lánpháirteach sa bpróiséas, d'fhoilsigh mo Roinn dréacht den Ordú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta) 2003 ar shuíomh Idirlín na Roinne i mí an Mheithimh agus dáileadh cóipeanna den dréacht-ordú sin ar choistí pobail sna ceantair Ghaeltachta go léir. Iarradh moltaí i dtaobh na leaganacha Gaeilge sa dréacht-ordú ar na pobail áitiúla agus fuarthas níos mó ná 30 aighneachtaí ó ghrúpaí agus ó dhaoine i ngach ceantar Gaeltachta. Déanfaidh an coimisiún agus baill foirne an bhrainse logainmneacha scrúdú ar na moltaí sna haighneachtaí agus tugtar le fios dom go bhfuil sé i gceist go mbeidh an coimisiún in ann comhairle a thabhairt dom ina dtaobh i ndiaidh an chruinnithe atá beartaithe acu do 15 Deireadh Fómhair. Táim ag súil go mbeidh mé in ann an tOrdú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta) 2004 a shíniú go luath i ndiaidh an dáta sin.

Top
Share