Skip to main content
Normal View

Foilseacháin Ghaeilge.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 5 October 2004

Tuesday, 5 October 2004

Questions (67)

Liz McManus

Question:

171 D’fhiafraigh Ms McManus den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén obair atá ar siúl ina Roinn féin nó ar son na Roinne chun scríbhneoireacht chruthaitheach ghaeilge a fhorbairt agus a fhoilsiú. [22792/04]

View answer

Written answers

Déanann mo Roinn sár-iarracht scríbhneoireacht chruthaitheach Ghaeilge a fhorbairt agus a fhoilsiú trí maoiniú a chur ar fáil do Bhord na Leabhar Gaeilge, Foras na Gaeilge agus Taibhdhearc na Gaillimhe atá ag tabhairt faoin obair sin ar son na Teanga.

Is é aidhm Bhord na Leabhar Gaeilge tacú le scríbhneoirí agus foilsitheoirí chun ábhar i nGaeilge a chur ar fáil a chuireann le suim an ghnáthphobail sa léitheoireacht Ghaeilge. Tugann an bord aghaidh ar an gcúram seo go príomha trí mhaoiniú a dhéanamh ar scéimeanna tacaíochta do chomhlachtaí foilsitheoireachta agus do scríbhneoirí a fhreastalaíonn ar riachtanais na léitheoirí Gaeilge.

Maoiníonn Foras na Gaeilge ceardlanna do scríbhneoirí cruthaitheacha ar bhonn leanúnach agus tá roinnt beartanna eile á maoiniú agus á reachtáil ag an fhoras chun cur leis an scríbhneoireacht chruthaitheach Ghaeilge. Chomh maith le sin, foilsíonn an Gúm, ar chuid d'Fhoras na Gaeilge é, réimse leathan leabhar do dhaoine óga ina measc leabhair chruthaitheacha do dhéagóirí agus do pháistí níos óige.

Cuireann Taibhdhearc na Gaillimhe go leor drámaí nua-scríofa ar an stáitse. Chomh maith le sin d'eagraigh An Taibhdhearc comórtas ar leith do dhráma nua-scríofa i mbliana.

Top
Share