Skip to main content
Normal View

Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 5 October 2004

Tuesday, 5 October 2004

Questions (73)

Eamon Gilmore

Question:

175 D’fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta conas a d’éirigh le scéim na mac léinn sa Ghaeltacht i mbliana. [22790/04]

View answer

Written answers

Táim ag glacadh leis gurb í scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge atá i gceist ag an Teachta. Ón eolas atá ar fáil dom ag an bpointe seo, is féidir liom a rá gur éirigh go maith leis an Scéim i mbliana agus go raibh freastal maith ar na coláistí Gaeilge samhraidh.

Cé nach bhfuil figiúirí críochnaitheacha ar fáil go fóill, meastar nach mbeidh aon athrú mór ann ón mbliain seo caite, tráth a d'fhreastail thart ar 22,500 foghlaimeoirí ar na coláistí Gaeilge samhraidh.

Question No. 176 answered with QuestionNo. 148.
Top
Share