Skip to main content
Normal View

Stádas na Gaeilge.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 5 October 2004

Tuesday, 5 October 2004

Questions (80)

John Perry

Question:

181 D’fhiafraigh Mr. Perry den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta chun stádas oifigiúil a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach. [22718/04]

View answer

Written answers

Mar a d'fhógair mé ar 14 Iúil 2004 ar son an Rialtais, tá tús curtha le próiseas phlé le baillstát eile an AE agus leis na hInstitiúidí Eorpacha d'fhonn stádas oifigiúil agus oibre a iarraidh don Ghaeilge san AE faoi Rialachán 1/1958 CEE. Is é an rialachán an ionstraim dlíthiúil a rialaíonn an córas teanga, idir oifigiúil agus oibre, de chuid institiúidí an AE. Tá an plé atá ar siúl faoi láthair le hionadaithe na mballstát eile agus le hinstitiúdí an AE dírithe ar chomhaontú a fháil ar na módúlachtaí praiticiúla maidir leis an gcuspóir seo.

Nuair atá a dhóthain dul chun cinn déanta sa phlé seo chun na roghanna agus saincheisteanna praiticiúla a shoiléiriú i dtaobh an chuspóra seo a bhaint amach, tiocfaidh an cheist ar ais go foirmiúil faoi bhráid an Rialtais. Tuigfidh an Teachta cén fáth nach mbeadh sé cuí domsa aon tagairt phoiblí a dhéanamh maidir le sonraí na gcainteanna sin sula dtagann siad chun críche.

Question No. 182 answered with QuestionNo. 163.
Top
Share