Tugaim creidiúnt don dream a bhunaigh an Stát ar an dá thaobh den chlaí polaitíochta. Rinneadar a ndícheall. Aineoinn an rud a deirtear go coitianta, is é mo bharúil agus mé ag breathnú ar na figiúirí, go mbeadh an Ghaeilge básaithe i bhfad ó shin murach na hiarrachtaí a rinne siad. Is iontach an rud le rá go bhfuil i bhfad os cionn milliún duine sa tír a deir go bhfuil Gaeilge acu. Sin suirbhé eolaíochta mar tá an t-eolas sin againn ó na daonáirimh.
Maidir leis an nGaeltacht agus an nGalltacht, mar a tugtaí air — b'fhéidir gur droch théarma é sin — in imeacht ama tá brúnna nach beag ar an nGaeltacht de bharr go bhfuil daoine ag bogadh isteach is amach. Tá daoine ag teacht chun cónaí san nGaeltacht agus daoine ón nGaeltacht á fhágáil. Ceann des na fáthanna go bhfuil an Ghaeilge láidrithe taobh amuigh den nGaeltacht ná go bhfuil daoine ón nGaeltacht bogtha taobh amuigh den nGaeltacht seachas dul ar imirce le blianta beaga. Tá dúshláin dochreidte sa nGaeltacht, agus tá mé ag iarraidh aghaidh a thabhairt orthu. Mar is eol do Theachtaí, tá mé ag breathnú ar leasuithe bunúsacha a chur ar scéim labhairt na Gaeilge. Tá obair nach beag déanta leis na naíonraí agus na cúntóirí teanga. Tá scéim phíolótach do chuairteoirí baile tosaithe anois, agus dírím isteach ar naíonlanna, nó crèches, mar sin an áit is túisce a dtéanns gasúir anois. Tá mé tar éis scéim na gcampaí samhraidh a chur ar aghaidh i mbliana agus airgead a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta chun obair a dhéanamh leis na clubanna óige. Tá mé tar éis airgead a thabhairt do dhaoine le tosú i mbun pleanála teanga ar leibhéal an phobail. Tá an tAcht teanga againn.
Tá go leor rudaí ar bun, agus is é ceann de na rudaí a gcaithfimid a fhoghlaim faoi na rudaí seo ná nach bhfeicfear a thoradh sin ach go ceann cúig bliana nó deich mbliana. Mar sin, má tá muid dáiríre faoin gceist seo, caithfimid bheith sásta bheith ann don mbóthar fada. Ró-mhinic i stair an Stáit seo, caitheadh rud i dtraipisí nuair nár éirigh leis míorúilt a dhéanamh thar oíche. Tá súil agam, cibé duine a thiocfas i m'áit nuair a imeos mé, go leanfar le polasaí fadtéarmach agus go dtuigfidh daoine nach mbeidh toradh ar na rudaí atá á gcur in áit agam muna bhfágfar ann iad agus muna dtabharfar seans don phacáiste iomlán ar feadh tamaill mhaith de bhlianta.