Skip to main content
Normal View

Cailliúint Phostanna.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 23 November 2004

Tuesday, 23 November 2004

Questions (282)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

332 D'fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén uair dheireanach a bhuail Údarás na Gaeltachta le bord bainistíochta an chomhlachta Nuvotem atá lonnaithe i gCroithlí, Contae Thír Chonaill; ar pléadh scaoileadh chun bóthair a dhéanamh go sealadach ar oibrithe sa chomhlacht; an raibh an t-údarás ar an eolas ag an am go raibh orduithe do tháirgí Nuvotem á seoladh chuig an chomhlacht i bPoblacht na Seice; agus an bhfuil aon eolas eile ag an údarás a d’féadfadh cuidiú chun an staid fostaíochta a réiteach do na hoibrithe atá thíos leis i dTír Chonaill. [30233/04]

View answer

Written answers

De réir an eolais atá curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta, tá an comhlacht atá luaite ag an Teachta i gcoimhlint le comhlachtaí i dtíortha le costais íseal táirgíochta. Mar is eol don Teachta, tá coimhlint ghéar in earnáil na déantúsaíochta le roinnt blianta agus tá poist á gcailliúint sa tír seo dá réir, na ceantair Ghaeltachta san áireamh.

Tuigim go mbíonn caidreamh rialta ag feidhmeannas Údarás na Gaeltachta leis an gcomhlacht seo chun scrúdú a dhéanamh ar na féidearthachtaí atá ann maidir lena inmharthanacht a chinntiú. Ina thaobh sin de, rinneadh tuilleadh plé ar thodhchaí an chomhlachta ag cruinniú ar 18 Samhain 2004. Tuigim ón údarás go bhfuil an comhlacht fós ag lorg orduithe a chuirfidh ar a chumas táirgíocht a athbhunú sa tír seo ach ní mór, ar ndóigh, an choimhlint ghéar atá san earnáil déantúsaíochta seo i láthair na huaire a choimeád san áireamh.

Top
Share