Tá athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar gach tionscadal nach raibh ainmnithe sa chlár tógála scoileanna, 2004. Bronnadh ratú banda ar na tionscadail atá beartaithe de réir na critéir tosaíochta do mhórthionscadail a leasaíodh i gcomhairle leis na páirtithe oideachais níos luaithe sa bhliain.
Tá an-dul chun cinn i gcás scoil úr a thógáil in nGort an Choirce, mar aon le comhthionscadail eile, á scrúdú faoi láthair i gcomthéacs an scéim tógála scoile ón bhliain 2005 ar aghaidh. Tá sé i gceist agam eolas breise a sholáthar ar an scéim tógála scoile in am is i dtráth.