Skip to main content
Normal View

Clár Tógála Scoileanna.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 30 November 2004

Tuesday, 30 November 2004

Questions (451, 452, 453)

Dinny McGinley

Question:

502 D’fhiafraigh Mr. McGinley den AireOideachais agus Eolaíochta an bhfuil iarratas ina Roinn le haghaidh foirgnimh úir do Choláiste Ailigh (Leitir Ceanainn), cad é an sórt foirgnimh atá i gceist agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [31482/04]

View answer

Written answers

Tá athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar gach tionscadal nach raibh ainmnithe sa chlár tógála scoileanna, 2004. Bronnadh ratú banda ar na tionscadail atá beartaithe de réir na critéir tosaíochta do mhórthionscadail a leasaíodh i gcomhairle leis na páirtithe oideachais níos luaithe sa bhliain. Tá an dul chun cinn i gcás scoil úr a thógáil do Chólaiste Ailigh, mar aon le comhthionscadail eile, á scrúdú faoi láthair i gcomhthéacs an scéim tógála scoile ón bhliain 2005 ar aghaidh. Tá sé i gceist agam eolas breise a sholáthar ar an scéim tógála scoile in am is i dtráth.

Dinny McGinley

Question:

503 D’fhiafraigh Mr. McGinley den AireOideachais agus Eolaíochta an bhfuil iarratas ina Roinn le haghaidh méadú ar ghairmscoil Chú Uladh, Béal an Átha Móir, agus cén uair a cheadófar deontas ina leith. [31483/04]

View answer

Tá an tionscadal tógála do ghairmscoil Chú Uladh, Béal an Átha Móir, An Clochar, Condae Dhún na nGall, ag céim luath na pleanála ailtireachta. Ta rátáil banna 2 aige. Faoi láthair tá oifigigh mo Roinnse ag déanamh scrúdú ar aighneacht staid 3 athbhreithnithe agus coinneofar údaráis scoile ar an eolas maidir le haon fhorbairtí.

Tá mo chuid oifigeach beagnach críochnaithe ag athbhreithniú na dtionscadal nach ndeachaigh chun cinn lena dtógáil mar chuid de chlár tógála scoileanna 2004 lena n-áirítear gairmscoil Chú Uladh. Táthar ag déanamh measúnú ar gach tionscadal in aghaidh na gcritéir tosaíochta a comhaontaíodh níos luaithe sa bhliain leis na páirtnéirí oideachais. Sannfar rátáil banna ar gach tionscadal agus breithneofar dul chun cinn gach tionscadail i gcomhthéacs chlár togála scoileanna 2005 ar aghaidh.

Dinny McGinley

Question:

504 D’fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil iarratas ina Roinn maidir le Coláiste Pobail Oileán Thoraí, cad iad na háiseanna atá i gceist agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [31484/04]

View answer

Tá an phleanáil ailtireachta do thionscadal tógála Choláiste Pobail Oileán Thoraí tugtha chun críche. Tá rátáil banna 2 aige. Tá mo chuid oifigeach beagnach críochnaithe ag athbhreithniú na dtionscadal nach ndeachaigh chun cinn lena dtógáil mar chuid de chlár tógála scoileanna 2004 lena n-áirítear Coláiste Pobail Oileán Thoraí. Táthar ag déanamh measúnú gach tionscadal in aghaidh na gcritéir tosaíochta a comhaontaíodh níos luaithe sa bhliain leis na páirtnéirí oideachais. Sannfar rátáil banna ar gach tionscadal agus breithneofar dul chun cinn gach tionscadail i gcomhthéacs chlár togála scoileanna 2005 ar aghaidh.

Questions Nos. 505 and 506 answered with Question No. 454.
Question No. 507 answered with QuestionNo. 497.
Top
Share