Skip to main content
Normal View

Foras na Gaeilge.

Dáil Éireann Debate, Thursday - 9 December 2004

Thursday, 9 December 2004

Questions (173, 174, 175, 176, 177, 178, 179)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

170 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an eol don Aire go bhfuil dhá phost caillte de bharr chinneadh Fhoras na Gaeilge gan déileáil le hiarratas an nuachtáin laethúil agus go bhfuil INTERREG ag diúltú airgead atá ag dul dó a íoc; go bhfuil ciorruithe eile déanta in oibríocht an nuachtáin; agus go bhfuil an nuachtán i mbaol a dhúnta de bharr an chinnidh seo. [32878/04]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

171 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén fáth ar ghlac Foras na Gaeilge an cinneadh iarratas an nuachtáin laethúil a chur i leataobh. [32879/04]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

172 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cé na céimeanna atá an tAire a ghlacadh lena chinntiú nach ndruidfidh an nuachtán laethúil a dhoirse de bharr easpa maoinithe. [32880/04]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

173 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil an tAire ar an eolas faoi na cinntí polaitiúla atá déanta ag INTERREG agus ag Foras na Gaeilge i dtaca le hiarratais ar dheontais ón nuachtán laethúil . [32881/04]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

174 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an eol don Aire go bhfuil feachtas ar bun ag dílseoiríáirithe (sonraí tugtha) chun gearradh siar a dhéanamh ar mhaoiniú do thograí Gaeilge. [32882/04]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

175 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil an cinneadh ag INTERREG agus ag Foras na Gaeilge i dtaobh iarratas ar dheontais ón nuachtán laethúil a chur i leataobh le déanaí ag teacht salach ar Chomhaontú Aoine an Chéasta agus ag rith uaidh. [32883/04]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

176 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cé na céimeanna atá glactha ag oifigigh Roinn na Gaeltachta chun teacht i gcabhair ar an nuachtán laethúil agus a mhaoiniú faoi ionsaíó dhilseoiriíáirithe (sonraí tugtha). [32884/04]

View answer

Written answers

Tá sé i gceist agamCeisteanna Uimh. 170 go 176, go huile, a fhreagairt le chéile.

Tuigfidh an Teachta gur cheist d'Fhoras na Gaeilge féin cinntí a dhéanamh maidir le soláthar deontas, i gcomhréir leis an réimse reachtúil ina bhfeidhmíonn sé agus na pleananna oibre agus corparáide atá aige.

Faoi mar is eol don Teachta, tá Foras na Gaeilge ag cur maoiniú ar fáil do Phreas an Phobail le haghaidh an nuachtáin . Tuigtear dom gur ionann an maoiniú sin agus 47% de chostais táirgíochta an nuachtáin agus go bhfuil sé geallta do thréimhse a chríochnaíonn ar 31 Nollaig 2004. Faoi láthair, tá measúnú neamhspleách á dhéanamh ag Foras na Gaeilge ar an togra agus, bunaithe ar thorthaí an mheasúnaithe seo, déanfaidh bord an fhorais cinneadh maidir le maoiniú don nuachtán sa todhchaí.

Tuigtear dom freisin gur dhiúltaigh an foras d'iarratas breise ó faoi na scéimeanna pobail Gaeilge a fógraíodh i mí Mheán Fómhair 2004. D’aontaigh coiste sealbhaithe agus úsáide an fhorais nach raibh an scéim sin oiriúnach le haghaidh maoiniú nuachtáin agus nach bhféadfaí glacadh leis an iarratas de bharr. Cuireadh an cinneadh sin in iúl do bhainistíocht Lá.

Maidir le INTERREG, tá curtha in iúl do mo Roinnse ag an Roinn Airgeadais go bhfuil iarratas faighte faoin scéim sin agus go bhfuil measúnúá dhéanamh air faoi láthair. Níl aon chinneadh déanta maidir leis an iarratas sin go fóill.

Top
Share