Bíonn teagmháil idir mo Roinnse agus an Roinn Oideachais agus Eolaíochta maidir le cúrsaí aistriúcháin agus ceisteanna eile a bhaineann le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Anuas ar sin, bíonn teagmháil idir mo Roinn agus comhlachtaí atá i mbun an soláthar aistritheoirí a mhéadú, ollscoileanna agus Údarás na Gaeltachta ina measc.
Maidir le ceist an aistriúcháin agus cur i bhfeidhm an Achta, tá próiseas bunaithe ag Foras na Gaeilge chun córas creidiúnaithe a chur ar fáil d'aistritheoirí san earnáil phríobháideach. Nuair a bheidh an córas sin i bhfeidhm, beidh sé mar chabhair phraiticiúil do chomhlachtaí poiblí a bheidh ag iarraidh aistritheoirí seachtracha a fhostú.
Is eol dom go raibh fadhbanna áirithe — idir fhadhbanna pleanála agus soláthair — ag líon beag comhlachtaí poiblí le doiciméid áirithe go dtí seo agus tá sé intuigthe, ar ndóigh, go mbeadh deacrachtaí mar sin le sárú sa chéad bhliain de thogra chomh suntasach le cur i bhfeidhm na reachtaíochta seo. Ach táim sásta, mar sin féin, go bhfuil dóthain aistritheoirí oilte ar fáil chun freastal ar na riachtanais reatha ó thaobh an Achta agus go bhfuil agus go mbeidh an margadh ag déanamh soláthar cuí i gcomhréir leis na riachtanais.