Tá sé i gceist agam Ceisteanna Uimh. 52 agus 71 a fhreagairt le chéile.
Tá an fógra réamheolais mar gheall ar chéim a dó de thionscadal an fhoclóra Béarla-Gaeilge foilsithe cheana ar Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tá sé foilsithe chomh maith ar shuíomhríomh-thairiscintí an Rialtais, www.etenders.gov.ie.Tá súil ag Foras na Gaeilge go spreagfaidh an fógra seo suim ag daoine agus grúpaí ar mhaith leo a bheith bainteach leis an raon leathan tascanna a bheidh i gceist le scríobh an fhoclóra féin le linn chéim a dó.
Is é tuairim Fhoras na Gaeilge go mbeidh ráitis spéise á lorg go foirmeálta go luath san ath-bhliain agus tá an dáta 31 Márta 2005 luaite san fhógra mar sprioc chuige sin. Beidh próiseas plé ann sula réiteofar an leagan críochnúil den cháipéis tairisceana agus sula lorgófar tairiscintí go foirmeálta.