Skip to main content
Normal View

Coimisiún na Gaeltachta.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 14 December 2004

Tuesday, 14 December 2004

Questions (39)

Michael D. Higgins

Question:

59 D’fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta maidir le moltaí Choimisiún na Gaeltachta a chur i bhfeidhm; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [33235/04]

View answer

Written answers

I measc na gcéimeanna suntasacha a glacadh le tamall anuas chun moltaí sonracha atá déanta i dtuarascáil Choimisiún na Gaeltachta a chur chun cinn: tá Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ina dhlí anois, rud a thugann aghaidh ar chur i bhfeidhm cúig chinn de mholtaí sonracha an choimisiúin; tá cur síos ar an dul chun cinn agus ar chéimeanna eile atá glactha i gcomhthéacs an Achta sa bhfreagra a thug mé inniu ar cheist; tá dréacht rialacháin foilsithe le déanaí ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha d'fhonn stádas oifigiúil oibre a iarraidh don Ghaeilge san AE agus leanann an plé idir Éire, na ballstáit eile agus na hinstitiúidí Eorpacha ina thaobh sin; bronnadh conradh i mí Eanáir 2004 ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i gcomhar leis an Institiúid Náisiúnta um Anailís Réigiúnach agus Spásúil, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, chun staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar an nGaeltacht a thionscnamh; sheol mé feachtas feasachta teanga ar 13 Meán Fómhair faoin teideal, Ár dTeanga Nádúrtha Féin, d'fhonn na buntáistí a bhaineann le húsáid na Gaeilge mar phríomh-theanga teaghlaigh a chur ina luí ar thuismitheoirí na Gaeltachta; agus d'fhógair mé níos luaithe i mbliana go raibh ciste gur fiú €1.56 milliúin thar trí bliana á bhunú agam chun tionscnamh pleanála teanga a chur chun cinn sa Ghaeltacht ar bhonn trialach; tá na hiarratais uilig a fuarthas ó Chomharchumainn Ghaeltachta, chomh maith le heagraíochtaí pobal-bhunaithe eile, scrúdaithe anois agus na heagraíochta rathúla á aithneofar chun críche aitheantais fógraithe agam ar 22 Deireadh Fómhair 2004.

I measc na mbeartas eile a bhaineann le tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta atá idir lámha nó bainte amach tá: athbhreithniú ar scéim na gcúntóirí teanga, ar scéim labhairt na Gaeilge agus ar scéim na gcampaí samhraidh agus scéimeanna leasuithe curtha nó á chur i bhfeidhm; aighneacht maidir le gnéithe criticiúla a mbíonn tionchar acu ar úsáid na Gaeilge sa chóras bunoideachais agus iarbhunoideachais sa Ghaeltacht curtha faoi bhráid na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta; deontas ceadaithe le hOidhreacht Chorca Dhuibhne lena chumasú scéim chuairteoirí baile a thionscnamh ar bhonn trialach; aighneachtaí curtha chuig na húdaráis áitiúla le ceantair Ghaeltachta iontu, chomh maith leis an mBord Pleanála, chun a n-aird a dhíriú ar a gcuid dualgas i ndáil leis an nGaeltacht, mar atá sonraithe sna forálacha cuí san Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000; tacaíocht bhreise curtha ar fáil d'Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, chun oideachas tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge a fhorbairt tuilleadh sa Ghaeltacht; athstruchtúrú i bhfeidhm ar an gcóras faoina gcuireann Údarás na Gaeltachta cúnamh ar fáil don earnáil réamhscolaíochta sa Ghaeltacht; agus struchtúr nua d'eagrais óige sa Ghaeltacht á gcur chun cinn ag an Údarás, tá na réamh-chéimeanna á dtógáil faoi láthair ag súil leis go mbeidh an comhlacht nua óige na Gaeltachta ag feidhmiú go han-luath; agus d'fhonn tuilleadh béime a chur ar thograí agus ar ghníomhaíochtaí atá tairbheach don teanga sa Ghaeltacht, tá Údarás na Gaeltachta, ar threoir shonrach uaim, ag cur béime níos láidre ar bhonn leanúnach ar naíscolaíocht, ar sheirbhísí don óige, ar ghníomhaíochtaí na gcomharchumann agus ar sheirbhísí tacaíochta eile don Ghaeilge sa Ghaeltacht.

Tá mé sásta go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta agus á dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm moltaí atá déanta i dtuarascáil an Choimisiúin. Ar ndóigh, tá rath na hoibre seo trí chéile ag brath cuid mhaith ar thacaíocht agus comhoibriú ó phobal na Gaeltachta iad féin, chomh maith leis na páirtithe leasmhara uile a bhfuil baint acu le ceist na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Top
Share