Skip to main content
Normal View

Múineadh na Gaeilge.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 14 December 2004

Tuesday, 14 December 2004

Questions (49)

Michael D. Higgins

Question:

68 D’fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an raibh aon chruinniú aige leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta maidir le múineadh na Gaeilge ag an gcéad leibhéal, ag an dara leibhéal agus ag an tríú leibhéal; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [33234/04]

View answer

Written answers

Bíonn teagmháil rialta agam leis an Aire Oideachais agus Eolaíochta chun ábhair éagsúla a bhaineann leis an dá Roinn a phlé, staid na Gaeilge san áireamh.

Top
Share