Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 14 December 2004

Tuesday, 14 December 2004

Questions (52)

Dinny McGinley

Question:

72 D’fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé de thuairim aige go mbeidh easnamh mór ar liúntas caipitiúil Údarás na Gaeltachta don bhliain 2005; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith [33268/04]

View answer

Written answers

Ba mhaith liom a mheabhrú don Teachta go bhfuil €23.5 milliúin curtha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta i leith caiteachais chaipitil sna Meastacháin choimrithe don bhliain 2005. Is méadú 7% é seo ar an soláthar a cuireadh ar fáil i 2004. Anuas air seo, tuigim ón údarás go bhfuiltear ag súil le €7 milliún a fháil i 2005 ó fhoinsí éagsúla — díol sócmhainní, aisíoc deontas agus fáltais eile — agus beidh an t-airgead seo le caitheamh ar thograí caipitil chomh maith.

Top
Share