Skip to main content
Normal View

Irish Language.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 14 December 2004

Tuesday, 14 December 2004

Questions (61)

Mary Upton

Question:

81 D’fhiafraigh Dr. Upton den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an raibh aon chruinniú aige leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha i dtaobh stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [33236/04]

View answer

Written answers

Mar a thug mé le fios cheana sa Teach, tá tús curtha le próiseas plé le baillstát eile an AE agus leis na hinstitiúidí Eorpacha d'fhonn stádas oifigiúil agus oibre a iarraidh don Ghaeilge san AE faoi Rialachán 1/1958 CEE. Is é an rialachán an ionstraim dlíthiúil a rialaíonn an córas teanga, idir oifigiúil agus oibre, de chuid institiúidí an AE.

Mar is eol don Teachta, d'fhogair mo chomhleacaí, an tAire Gnóthaí Eachtracha, ar 24 Samhain go raibh togra foirmiúil curtha ar aghaidh — i bhfoirm dréacht leasú ar Rialacháin 1/1958 CEE — ag iarraidh go dtabharfar stádas mar theanga oifigiúil agus oibre don Ghaeilge.

Tá an plé atá ar siúl faoi láthair le hionadaithe na mballstát eile agus le hinstitiúidí an AE dírithe ar chomhaontú a fháil ar na módúlachtaí praiticiúla maidir leis an gcuspóir sin. Mar a thug mé le fios chomh maith sa Teach seo cheana, ní bheadh sé cuí domsa aon tagairt phoiblí a dhéanamh maidir le sonraí na gcainteanna sin sula dtagann siad chun críche.

Top
Share