Skip to main content
Normal View

Coimisiún Craolacháin na hÉireann.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 26 January 2005

Wednesday, 26 January 2005

Questions (553)

Brian O'Shea

Question:

617 D'fhiafraigh Mr. O’Shea den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an raibh cainteanna aige leis an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha, le Coimisiún Craolacháin na hÉireann, le RTÉ agus le RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi raidió na nóg a chur ar bun agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [1768/05]

View answer

Written answers

Rinne Coimisiún Craolacháin na hÉireann suirbhé le déanaí chun leibhéal spéise an aosa óig timpeall na tíre i gcláir raidió trí mheán na Gaeilge a thomhas. Bhí an suirbhé comh-mhaoinithe ag an gcoimisiún, ag mo Roinn féin agus ag Foras na Gaeilge.

D'fhoilsigh Coimisiún Craolacháin na hÉireann torthaí an tsuirbhé sin ar 20 Eanáir 2005 agus tá i gceist agam na torthaí sin a phlé leis na páirtithe cuí go luath.

Top
Share