I 2001, ar iarratas ó mo Roinnse, chuir Comhairle Chontae Dhún na nGall réamh-thuarascáil ar fáil maidir le forbairt na saoráidí calaíochta ag Rannach, Oileán Árainn Mhór. Moladh dhá rogha sa tuarascáil sin — síneadh 30 méadar a chur leis an gcé atá ann faoi láthair ar chostas €1.5 milliúin nó síneadh 65 meadar a chur léi ar chostas €3 milliúin. Dheimhnigh an tuarascáil chomh maith gur chun sochair thionscal na hiascaireachta áitiúil a rachadh aon áis nua ag an láthair seo. Tá meastachán faighte ag mo Roinn ón gcomhairle chontae maidir le costais deartha agus ullmhú doiciméad cónartha don togra seo. Tá an t-iarratas sin á mheas ag oifigigh mo Roinne faoi láthair i gcomhthéacs an tsoláthair atá ar fáil le caitheamh ar fhorbairt chéanna ar na hoileáin agus sa Ghaeltacht sna blianta amach romhainn agus na héilimh éagsúla ar an soláthar sin.