Skip to main content
Normal View

Caighdeán na Gaeilge.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 29 June 2005

Wednesday, 29 June 2005

Questions (6)

Brian O'Shea

Question:

12 D'fhiafraigh Mr. O’Shea den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh cainteanna aige leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ar thuarascáil na Comhairle Oideachais Gaeltachta agus Gaelscoileanna ar chaighdeán na Gaeilge sna scoileanna Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [22877/05]

View answer

Oral answers (15 contributions)

Mar is eol don Teachta, is í an tAire Oideachais agus Eolaíochta atá freagrach as cúrsaí oideachais, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di. Ar ndóigh, i gcomhthéacs na freagrachta atá ormsa agus ar mo Roinn-se i ndáil leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht, bíonn cruinnithe ann ar bhonn rialta leis an Aire Oideachais agus Eolaíochta agus le hoifigigh na Roinne chun saincheisteanna ábhartha a phlé. Leanfar leis na cruinnithe sin de réir mar is gá.

Tig leis an Teachta glacadh leis go mbeidh ábhar na tuarascála a luann sé mar ábhar plé sa chomthéacs sin.

Nach gcuireann sé isteach go mór ar an Aire go ndeireann an tuarascáil gur bheag scoil Gaeltachta a bheidh ag múineadh trí mheán na Gaeilge taobh istigh de 20 bliain muna bhfaigheann na scoileanna Gaeltachta tacaíocht breise ón Stát? Ceapann tuismitheoirí go gcuireann an córas oideachais isteach ar a n-iarrachtaí an Ghaeilge a thabhairt don chéad ghlúin eile mar theanga bheo. Tá sé seo á chur ar ceal, agus ní éiríonn leo aon dílseacht a chothú don Ghaoluinn sa chéad ghlúin eile. Tá scoileanna ann atá tar éis géilleadh agus atá ag múineadh trí mheán an Bhéarla anois sna Gaeltachtaí.

An aontaíonn sé leis an méid a dúirt Breandán Mac Cormaic, cathaoirleach ar an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, go raibh tuarascála ann roimhe seo, agus nár thárla tada ina ndiaidh? Muna dtarlaíonn rud anois tar éis fhoilsiú na tuarascála seo, nach mbeidh sé tubaisteach ar fad don nGaoluinn?

Bheadh sé fíordhona muna ngníomhófaí ar an tuarascáil sin anois, agus thiocfainn leis an Teachta go hiomlán. Tá idir deascéalta agus drochscéalta ann. Aontaím go bhfuil dúshlán dochreidte ann. Ar an taobh eile den scéal, chuala mé daoine ag labhairt ar líon na scoileanna atá ag múineadh trí Bhéarla, ach caithfear cuimhneamh, mar shampla, go gclúdaíonn sé sin scoileanna in áiteanna ar nós Bhaile an Chláir, Tír an Oileáin agus mar sin de. Is é an Ghaeltacht mar atá sainorduithe tugtha di a bhí i gceist, agus tuigimid le fada an lá nach bhfuil an Ghaeilge in uachtar i measc an phobail i gcuid de na ceantair sin.

Tá bunsraith mhaith sa tuarascáil seo ar féidir bheith ag obair uirthi. Tá moltaí soiléire ann, agus is é an rud atá le déanamh ná an rud céanna a rinne muid le tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta — feidhmiú ar na moltaí. Tá comhchainteanna agus plé leanúnach idir mo Roinn agus an Roinn Oideachais agus Eolaíochta le féachaint cén chaoi ar féidir linn déileáil leis na dúshláin atá ann ó thaobh chúrsaí oideachais sa nGaeltachtde. Is fiú nótáil, ag éirí as tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta, go raibh mo Roinn i dteagmháil leis an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta ar son an choiste comhairligh Gaeltachta chomh fada siar le Bealtaine 2003. Ba é ansin a tháinig an tuarascáil seo chun cinn, mar bhi an t-eolas ag teastáil uainn, agus anois tá sí á feidhmiú. Beidh sé tábhachtach go bhfeidhmeofar í. Thiocfainn go hiomlán leis an Teachta. Má fhagfaimid ar leataobh é, is tubaiste a bheas ann ó thaobh mhúineadh Gaeilge sa nGaeltacht. Tá an ceart ag an Teachta.

Nach bhfuil an cheist i bhfad níos práinní ná mar a tháinig amach as an méid a bhí le rá ag an Aire? Nach bhfuil an Ghaeltacht féin i mbaol? Nach bhfuil sé i bhfad níos tábhachtaí airgead a chaitheamh ar an scolaíocht sa nGaeltacht seachas ar an Acht Teanga nó, fiú amháin, ar an stádas oifigiúil atá bainte amach ag an nGaeilge san Eoraip? De réir na tuarascála, bíonn 10% de na daltaí a thagann amach as na bunscoileanna agus na hiarbhunscoileanna sa nGaeltacht ar bheagán Gaeilge. Fágann 25% de na daltaí an bhunscoil gan ach leibhéal réasúnta Gaeilge acu. Tagann 8% acu amach as na hiarbhunscoileanna gan ach leibhéal réasúnta Gaeilge acu. Nach n-aontódh an tAire liom? Más rud é go bhfuil an Ghaeltacht i mbaol — agus is é sin an rud atá á rá agam anois — má theipeann ar an nGaeltacht, teipfidh ar gach rud. Nár cheart don Rialtas tabhairt faoin scéal seo go práinneach agus rud éigin substaintiúil a dhéanamh? Tá an t-am ag druidim orainn anois. Tá an meath ann le fada, agus is ag dul in olc a bheas an scéal. Tá an Rialtas ag déileáil le rudaí atá teibí— cáipéisí nach léann éinne a aistriú go Gaoluinn. Ar an láimh eile, áfach, tá an Ghaeltacht i mbaol. Tá Gaeilge na ndaltaí atá ag freastal ar na scoileanna ag dul i laige. Tá an scéal ina phrácás ar fad.

Ní dóigh liom go bhfuil an tAire ag tabhairt faoin cheist seo chomh práinneach agus ba cheart. Caithfidh sé dul go dtí an Rialtas agus cur ina luí ar an Taoiseach agus an Aire Oideachais agus Eolaíochta go bhfuil an fhadhb seo ann agus gur cheart tabhairt faoi blianta ó shin. Tá an scéal mar atá sé anois, áfach, agus caithfear tabhairt faoin scéal sin go práinneach.

Thógfadh na ceisteanna agus na pointí ar fad a d'ardaigh an Teachta ní ba mhó ama ná atá agam. Tá freagracht fheidhmiúil ar mholtaí na tuarascála ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Is ról tacúil é atá ag mo Roinn-se san obair seo ar fad. Tá an fhreagracht maidir leis an gceist seo go bunúsach ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Caithfidh mé é sin a shoiléiriú aríst agus aríst eile. Seo ceann de na fadhbanna. Tá tuairim thart go bhfuil freagracht iomlán na Gaeilge ar Roinn amháin. Tá sí ar chuile Roinn, áfach.

Tugann sé sin go dtí an dara pointe mé. Ceann de na fáthanna a thug Acht na dTeangacha Oifigiúla isteach ná nach mbeifí ag lorg cistíochta ó mo Roinn-se le dualgais a chomhlíonadh do Ranna eile i leith na Gaeilge. D'fhágfaí an chistíocht mo Roinn saor chun obair teangan a dhéanamh seachas bheith ag comhlíonadh dualgas ar Ranna eile. Mar shampla, bhí na seirbhísí sláinte ag lorg go n-íocfaimis as teileafón cainte. Cén fáth go n-íocfaimis as teileafón cainte? An íocfaimis as teileafón cainte i mBéarla? Mar sin, in ionad bheith ag caitheamh airgead na Gaeilge——

Tá mé ag iarraidh——

——is ag sábháilt airgead na Gaeilge le haghaidh chur chun cinn na Gaeilge atá muid le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Táimid ag cur dualgas ar na Ranna, as a gcistíocht féin, dualgais a chomhlíonadh maidir le seirbhísí a chur ar fáil.

Tá sé seo i bhfad níos práinní.

Exactly, agus sin an fáth nach dteastaíonn uaim go mbeadh ar mo Roinn-se airgead na Gaeilge a chaitheamh ag déanamh obair Rann eile. Sin an buntáiste iontach a bhaineann leis an Acht. Is ag sábháilt airgead na Gaeilge atá sé. Is ceist chairt chustaiméara atá i gceist, mar shampla, tuarascáil bhliantúil a chur ar fáil san dá theanga oifigiúil. Is ceist eile í an léann éinne tuarascálacha bliantúla, ach d'fhéadfaí an cheist sin a chur faoin gceann a fhoilsítear i mBéarla chomh maith leis an gceann a fhoilsítear i nGaeilge. Sin ceist eile ar fad, áfach. Ní thuigim cén fáth go dtagann sé sin aníos i gcónaí. Cinnte, tá sé thar a bheith práinneach, agus sin an fáth go bhfuil mo Roinn go leanúnach ag plé leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta leis an rud seo a chur chun cinn. Tá go leor oibre déanta anseo.

Ní théann aon rud as ach caint.

Tiocfaidh go leor as, agus cheana féin tá go leor tagtha.

Cad a thiocfaidh?

I bhfad níos mó ná mar a tháinig as an Roinn nuair a bhí páirtí an Teachta i gcumhacht. Mar shampla——

Ní raibh an tuarascáil seo ar fáil an uair sin.

Ní raibh. Níl sí ar fáil ach le cúpla seachtain. Tháinig an tuarascáil seo amach, agus táimid cheana féin ag díriú, mar shampla, ar cheist na gcúntóirí teangan sna scoileanna Gaeltachta, scéim atá ag leathnú amach ar fud na tíre anois. Táimid ag díriú, mar shampla, ar cheist na gcuairteoirí baile agus mar sin de. Tá níos mó acmhainní á gcur ar scéimeanna ó tháinig mise isteach sa Roinn ná mar a cuireadh le 50 bliain roimhe. Bhí tréimhse comhghuallíochta i gceist freisin.

Top
Share