Skip to main content
Normal View

Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 March 2006

Tuesday, 21 March 2006

Questions (70)

Trevor Sargent

Question:

115 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an nglacann sé leis gur maith an smaoineamh é múnla a chur ar fáil a chabhróidh le foilsitheoirí freastal ar chuspóirí Acht na dTeangacha Oifigiúla agus a chinnteoidh go mbeidh an dá theanga nasctha le chéile taobh le taobh mar a bhíonn amhlaidh i gcáipéisí Bwrdd Yr Iaith Gymraeg / Bord Teanga na Breatnaise agus an nglacfaidh sé leis go gcuireann múnla mar sin le foghlaim an dá theanga agus le laghdú chostas na clódóireachta. [10823/06]

View answer

Written answers

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimh. 113 den 8 Feabhra 2006 faoin ábhar seo. Mar a thug mé le fios sa bhfreagra sin, leagann na treoirlínte faoi alt 12 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, a foilsíodh i mí Mheán Fómhair 2004, gur chóir do chomhlachtaí polasaí soiléir a chruthú dán-eagraíochtaí féin maidir le soláthar sheirbhísí dhátheangacha i gcomhthéacs scéim teanga faoi alt 11 a ullmhú.

Mar atá ráite agam roimhe seo, cé go bhfuil buntáistí láidre don chustaiméir go mbeadh an Béarla agus an Ghaeilge taobh le taobh ar leathanaigh, is ceist í do gach comhlacht ar leith polasaí a chruthú dá eagraíocht féin a oireann dá chustaiméirí ó thaobh sheirbhísí dhátheangacha a sholáthar, ag tógáil san áireamh nithe a bhaineann le costais agus modhanna chun doiciméid agus foirmeacha a sheachadadh.

Top
Share