Skip to main content
Normal View

Teangacha Oifigiúla.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 15 November 2006

Wednesday, 15 November 2006

Questions (172)

Caoimhghín Ó Caoláin

Question:

235 D’fhiafraigh Caoimhghín Ó Caoláin den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuair sé na leasuithe atá molta ag Conradh na Gaeilge ar a dhréacht-rialacháin de bhun Alt 9 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla chun foráil a dhéanamh go mbeidh comharthaíocht, fógraíocht agus fógraí ó bhéal de chuid comhlachtaí poiblí dátheangach; an ndéanfaidh sé na leasuithe sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas i dtaobh na ceiste seo. [38019/06]

View answer

Written answers

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna Uimh. 20, 21, 28, 29, 35, 50 agus 55 den 9 Samhain 2006 maidir leis an ábhar seo.

Top
Share