Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh 94 & 123 le chéile.
Is mian liom aird na dTeachtaí a dhíriú ar mo fhreagraí ar Cheisteanna Uimh 145 agus 167 den 7 Deireadh Fómhair 2008.
Mar atá curtha in iúl don Teach, cuirtear bunmhaoiniú do 19 n-eagras deonach Gaeilge ar fáil trí Fhoras na Gaeilge. Is trí Vóta mo Roinne féin agus tríd an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó Thuaidh a chuirtear an t-airgead sin ar fáil don bhForas d'fhonn an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-oileánda.
Tuigim ón bhForas go bhfuil athbhreithniú ar bun aige maidir leis na heagrais Gaeilge atá á maoiniú i láthair na huaire le cinntiú go mbeidh an luach airgid is fearr le fáil sa todhchaí. Tá sé ró-luath ag an bpointe seo réamhaithris a dhéanamh ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag torthaí an athbhreithnithe sin ar chúrsaí maoinithe na n-eagras i 2009 nó ar chúrsaí cónasctha amach anseo.
Mar a dúirt mé freisin, tá éifeacht an chaiteachais phoiblí agus luach airgid maidir le spriocanna an Rialtais, ó thaobh na Gaeilge a bhaint amach, á gcoinneáil faoi bhreithniú agam.