I propose to take Questions Nos. 254 and 265 to 268, inclusive, together.
D'fhógair mé le déanaí athbhreithniú ar na gnásanna do bhunú bunscoileanna úra faoin gCoimisiún um Chóiríocht Scoile. Táthar ag súil go mbeidh an t-athbhreithniú ar na gnásanna d'aithint bunscoileanna críochnaithe agus go mbeidh socruithe athbhreithnithe ar bun laistigh de fhráma ama dhá bhliana. Tá 18ú Nollaig, 2008 socraithe mar dháta do chruinniú idir oifigigh sinseartha de chuid mo Roinne agus baill den Mheitheal Oibre Teicniúil agus de Ghrúpa Stiúrtha an Choimisiúin araon chun tabhairt faoin athbhreithniú seo.
Táim ag súil go dtabharfar aghaidh ar nithe dena leithéid siúd a luaigh an Teachta mar chuid den phróiseas athbhreithnithe. Tuairisceoidh an Mheitheal Oibre Theicniúil do Ghrúpa Stiúrtha an Choimisiúin agus ba ghnáth nós é go n-eiseodh an dá ghrúpa tuairiscí deiridh agus go ndéanfaidís moltaí domsa tar éis dóibh an t-athbhreithniú a chríochnú.
San idirlinn níl sé i gceist aitheantas a thabhairt do bhunscoileanna úra ar bith, ach amháin i gceantair nach féidir fónamh ar na méaduithe i líon na ndaltaí iontu insna scoileanna atá ann cheana, agus inar gá scoileanna úra a sholáthar. Is ionann sin agus a rá nach mbunófar scoileanna úra ar fháthanna nach mbaineann le fás deimeagrafach i gceantair ina bhfuil dóthain cóiríocht scoile cheana féin nó inar féidir fónamh ar mhéaduithe trí chur leis an gcóiríocht scoile atá ann faoi láthair.
Tá an Rannóg Pleanála Chun Cinn i mo Roinne gafa faoi láthair leis na ceantair ina mbeidh cóiríocht bhreise scoile ag teastáil go suntasach ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal do 2009 agus amach as sin a shainaithint, agus comhroinnfear na sonraí seo le comhlachtaí Pátrúnachta na scoileanna agus leis na comhpháirtithe oideachais. I measc na bhfachtóirí atá á machnamh tá fás sa daonra, treochtaí deimeagrafacha, rolluithe reatha agus rolluithe réamh-mheasta, forbairtí tithíochta a tharla le déanaí agus atá pleanáilte, agus cumas na scoileanna atá ann cheana freastal ar an éileamh ar ionaid. Tar éis do na fachtóirí seo a bheith machnaithe, déanfar cinneadh faoin mbealach is fearr chun freastal ar riachtanais atá ag teacht chun cinn i gceantar.