Skip to main content
Normal View

Oideachas Trí Ghaeilge.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 June 2009

Tuesday, 16 June 2009

Questions (232, 233)

Brian Hayes

Question:

255 D’fhiafraigh Deputy Brian Hayes den Aire Oideachais agus Eolaíochta cén beartas atá ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta maidir le scoileanna a bhíonn ag múineadh trí Ghaeilge sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [23576/09]

View answer

Brian Hayes

Question:

256 D’fhiafraigh Deputy Brian Hayes den Aire Oideachais agus Eolaíochta an dtacaíonn sé le scoileanna lánGhaeilge sa Ghaeltacht, nó an é mian agus polasaí na Roinne go mbeadh sruthanna Béarla ag feidhmiú iontu; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [23577/09]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna 255 agus 256 le chéile.

Faoi théarmaí Alt 6 den Acht Oideachais, 1998 tá oibleagáid shainiúil ar an earnáil oideachais cuidiú leis an nGaeilge a choinneáil mar phríomhtheanga an phobail i limistéir Ghaeltachta. Éilíonn an tAcht chomh maith go gcuirfí chun cinn riachtanais teanga agus chultúrtha mac léinn ag féachaint do roghanna a dtuismitheoirí. Chuige sin is é beartas mo Roinne gur trí Ghaeilge sa mhéid is féidir é a sholáthrófaí oideachas i limistéir Ghaeltachta.

Is amhlaidh, de bharr riachtanas agus cúinsí daltaí aonair agus mianta ráite na dtuismitheoirí, nach mbíonn ar chumas scoileanna áirithe feidhmiú de réir an chaighdeáin bharrmhaith is inmhianta agus go mbíonn orthu cur chuige níos solúbtha a ghlacadh chucu féin. Le blianta beaga anuas ach go háirithe, tá sruthanna imirce tar éis dul i bhfeidhm ar scoileanna Gaeltachta le heisimircigh ag filleadh ar ais agus le daoine as lasmuigh den Ghaeltacht ag teacht chun cónaithe inti. Os mar seo atá, féadann sé bheith riachtanach cur chuige dátheangach a chleachtadh i gcomhair ranganna áirithe nó i gcomhair mac léinn áirithe i ranganna ar leith le tréimhse ama. Nuair a tharlaíonn sé seo is í an aidhm atá leis ná feabhas a chur ar chumas teangeolaíoch an mhic léinn teagasc a fháil trí Ghaeilge agus í a úsáid.

Is mian le mo Roinnse leanúint le tacaíocht a thabhairt do scoileanna dá leithéid agus iad ag déileáil leis an athrú deimeagrafach trí na deontais breisithe agus na liúntais múinteora a íoctar do scoileanna sa Ghaeltacht a choinneáil.

Top
Share