Skip to main content
Normal View

Údaras na Gaeltachta.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 December 2009

Wednesday, 16 December 2009

Questions (44)

Michael D. Higgins

Question:

48 D’fhiafraigh Deputy Michael D. Higgins den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an mbeidh toghchán ann d’Údaras na Gaeltachta in 2010; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [47052/09]

View answer

Written answers

Reachtáladh an toghchán deireanach d'Údarás na Gaeltachta ar 2 Aibreán 2005. Faoi réir na reachtaíochta faoina bhfeidhmíonn an tÚdarás, ní mór an chéad toghchán eile a reachtáil am éigin sa tréimhse idir 1 Aibreán 2009 agus 1 Deireadh Fómhair 2010. Mar is eol don Teachta, tá moltaí éagsúla maidir leis an nGaeilge agus an nGaeltacht á bplé i gcomhthéacs na tuarascála ón Staidéar Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus an dréacht-Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a foilsíodh le déanaí. Sna cúinsí sin, níl sé i gceist agam cinneadh a thógáil ag an bpointe seo maidir le dáta don chéad toghchán eile d'Údarás na Gaeltachta.

Top
Share