Skip to main content
Normal View

Caighdeán na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 21 July 2011

Thursday, 21 July 2011

Questions (392)

Éamon Ó Cuív

Question:

396 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil i gceist an leagan leasaithe de Chaighdeán na Gaeilge a réitíodh taobh istigh dá Roinn a fhoilsiú agus má tá cén uair a fhoilseofar é agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22369/11]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, cuireadh tús sa Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, mar a bhí, le próiseas athbhreithnithe ar Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge bliain ó mhí Aibreáin seo caite. Tháinig deireadh le gairid leis an tréimhse a bhí leagtha amach do shraith cruinnithe an Choiste Stiúrtha, a bhí i mbun na hoibre sin. Tá sé i gceist a chinntiú go gcuirfear bailchríoch ar obair an Choiste sin chomh luath agus is féidir. Tá súil agam nach fada go mbeidh cinneadh fógartha faoi na socruithe foilsitheoireachta do Chaighdeán leasaithe.

Top
Share