Skip to main content
Normal View

Caiteachas Ranna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 8 December 2011

Thursday, 8 December 2011

Questions (18)

Éamon Ó Cuív

Question:

18 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an mbaineann an ciorclán a d’eisigh sé, uimhir 109/247/74 maidir le táillí a íoc le comhaltaí de bhoird stáit, le baill d’údaráis éagsúla atá tofa go daonlathach ag an bpobal i dtoghcháin phoiblí; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [39241/11]

View answer

Written answers

Mar fhreagra ar an Teachta, is féidir liom a rá i dtaobh ionadaithe poiblí a d'fhéadfadh bheith fostaithe freisin ag comhlachtaí stáit, go gcuimsítear iad faoi na socruithe seo a bhaineann le híocaíocht táillí maidir le comhaltacht de chuid bord stáit.

Top
Share