An 1 Iúil 2006 a thosaigh an duine ainmnithe le REPS 3 agus fuair íocaíocht iomlán don chéad dhá bhliain dá chonradh.
Fuarthas amach le linn seiceáil riaracháin go raibh neamhréireacht ó thaobh limistéir idir na tailte a dearbhaíodh do SPS agus REPS agus an litir a eisíodh chuig an duine ainmnithe an 24 Lúnasa 2010 ag iarraidh mínithe ar an neamhréireacht. Ní bhfuarthas míniú ná plean leasaithe ón duine ainmnithe.
Chuir an duine ainmnithe glaoch teileafóin ar oifig na Gaillimhe an 5 Aibreán 2011 agus chuir duine de mo chuid Oifigeach in iúl dó go raibh air plean leasaithe a chur isteach a leireodh an staid reatha SPS. Ni bhfuarthas aon phlean leasaithe go dti seo i mo Roinn.