Skip to main content
Normal View

Clár Tógála Scoileanna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 18 April 2012

Wednesday, 18 April 2012

Questions (322, 323, 324)

Éamon Ó Cuív

Question:

319 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén uair a thosófar an obair thógála ar an síneadh ar Choláiste Iognáid, Bóthar na Mara, Gaillimh, de bharr go bhfuil an comhlacht tógála a bhí ceaptha an obair seo a dhéanamh i lámha glacadóra; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [18299/12]

View answer

Written answers

Tá an tionscadal dá dtagraíonn an Teachta ag ardchéim den phróiseas tairisceana chun conraitheoir malartach a cheapadh. Chomh fada is nach dtagann ceist ar bith chun cinn, táthar ag súil go rachaidh an tionscadal ar aghaidh chun tógála i samhradh na bliana seo.

Éamon Ó Cuív

Question:

320 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cé mhéid togra tógála scoile a bhfuil tairiscintí faighte acu le haghaidh obair thógála agus nach bhfuil an tógáil orthu tosaithe fós, luach iomlán na dtairiscintí sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [18300/12]

View answer

Ar 19ú Nollaig 2011, d'fhógair mé 56 tionscadal mór scoile a bhíothas ag súil lena gcur ar aghaidh chun tógála in 2012. Tá tuairiscí tairisceana i gcomhair 17 ceann de na tionscadail seo faoi bhráid mo Roinne faoi láthair. Is é luach iomlán na 17 tionscadal seo le chéile ná tuairim is €75m. Chomh fada is nach dtagann ceist ar bith chun cinn, táthar ag súil go gcuirfear na 17 tionscadal go léir ar aghaidh chun tógála sna míonna amach romhainn.

Éamon Ó Cuív

Question:

321 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cé mhéid scoil a bhfuil céim 2(b) (Dearadh Mionsonraithe) faofa ag a Roinn dóibh agus nach bhfuil cead faighte acu dul chun tairisceana, luach iomlán measta na dtograí sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [18301/12]

View answer

De bharr an riachtanais atá ann lena chinntiú go mbíonn rochtain ag gach aon pháiste ar ionad scoile, beidh sé ina phríomhfhócas ag an infheistíocht chaipitil i scoileanna sna blianta amach romhainn tionscadail mhóra scoile a sheachadadh chun freastal ar na héilimh dhéimeagrafacha ar fud na tíre. Tá an clár chúig bliana a fógraíodh le déanaí dírithe ar na héilimh dhéimeagrafacha sin a shásamh. Sa chomhthéacs sin, áfach, níorbh fhéidir na tionscadail uile, atá i bpleanaíl ailtireachta faoi láthair, a chur ar aghaidh chun tógála laistigh den fhráma ama chúig bliana. Tá 5 thionscadal mór tógála scoile ann dá bhfuil Céim 2(b) faofa ach nach bhfuil fós údaraithe chun dul ar aghaidh chun tairisceana. Tá dhá ceann de na tionscadail seo curtha san áireamh sa chlár chúig bliana. Tá ceann amahain le tosú i 2015/16 agus tá ceann eile le tosú i 2012. Is é luach iomlán réamheasta tairisceana na dtionscadal seo ná beagán de bhreis ar €18m. I bhfianaise nan-éileamh iomaíocha faoi láthair ar bhuiséad caipitil mo Roinne, ní féidir a rá ag an tráth seo cén uair a chuirfear na tionscadail sin ar aghaidh chun céim na tairisceana agus na tógála.

Top
Share