Skip to main content
Normal View

Cruthú Fostaíochta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 June 2012

Wednesday, 6 June 2012

Questions (10, 11)

Timmy Dooley

Question:

9Deputy Timmy Dooley den Minister for Arts; Heritage and the Gaeltacht an gcuirfear tuilleadh post ar fáil sa Ghaeltacht sna míonna atá le teacht; an mbeidh Údarás na Gaeltachta ag obair leis a Roinn agus le heagraíochtaí pobail ó thaobh fostaíochta agus cúrsaí teanga de; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [27224/12]

View answer

Gerry Adams

Question:

33Deputy Gerry Adams den Minister for Arts; Heritage and the Gaeltacht cé mhéid post atá cruthaithe ag Údarás na Gaeltachta le bliain anuas; cé mhéid post a cailleadh i gceantair Ghaeltachta; agus cad iad na spriocanna atá ag an Údarás don bhliain atá le teacht. [27086/12]

View answer

Oral answers (11 contributions)

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 9 agus 33 le chéile.

Bhí 7,000 post, coibhéis lánaimseartha, i gcliant-chuideachtaí Údaráis na Gaeltachta ag deireadh 2011. Cruthaíodh 734 post nua in 2011 agus, nuair a thógtar líon na bpost a cailleadh san áireamh, bhí glanchaillteanas de 104 post i gceist. Is í an sprioc fostaíochta atá ag an údarás do 2012 ná 400 post a chruthú. I rith na bliana reatha, díreoidh straitéis fiontraíochta an údaráis ar thacaíocht a chur ar fáil dá chliant-chuideachtaí reatha agus d'fhiontair atá bunaithe ar acmhainní nádúrtha. Lorgófar infheistíocht bhreise ó chomhlachtaí nua agus reatha agus cuirfear béim ar leith ar an bhfostaíocht a cailleadh i gceantair áirithe le roinnt blianta anuas a athchur chun an fhostaíocht sa Ghaeltacht a threisiú.

Thóg an Rialtas cinneadh polasaí anuraidh go leanfaidh Údarás na Gaeltachta ag comhlíonadh a chuid feidhmeanna go ginearálta, an fheidhm fiontraíochta san áireamh. Chomh maith leis sin, tógadh cinneadh go bhforbrófar meicníocht maidir le comhoibriú idir Údarás na Gaeltachta, Fiontraíocht Éireann agus an tÚdarás Forbartha Tionscail i gcás tograí suntasacha Gaeltachta a bhfuil poitéinseal ard acu. Is sampla maith den chomhoibriú sin an infheistíocht a d'fhógair an tÚdarás Forbartha Tionscail sa chuideachta Bioniche Pharma, in Indreabhán, Contae na Gaillimhe, le déanaí.

Ar ndóigh, tá sé mar mhóraidhm ag Údarás na Gaeltachta an Ghaeilge a chothú mar theanga pobail sa Ghaeltacht. Chomh maith leis na scéimeanna táirgiúla fostaíochta atá mar bhunús do straitéis fostaíochta an údaráis, tacaíonn sé le tionscnaimh forbartha pobail agus cuidíonn sé le réimse leathan de thionscnaimh teanga, cultúrtha agus oideachais atá dírithe ar an nGaeilge a neartú mar phríomhmheán cumarsáide i ngach earnáil de shaol an phobail. I measc na scéimeanna agus na dtionscnamh a chuirtear ar fáil, áirítear: scéim deontas reachtála d'eagraíochtaí pobail; ionaid seirbhísí teanga atá bunaithe ar fud na Gaeltachta; scéim an luathoideachais; scéim Ghaeilge do na naíonraí; agus an tacaíocht a chuirtear fáil don eagraíocht, Óige na Gaeltachta.

Tá tionchar tábhachtach ag an infheistíocht a dhéanann an t-údarás sna hearnálacha seo ar an bhforbairt pobail agus teanga araon agus cuimsíonn sé a ról i dtaca le cur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain don Ghaeilge sa Ghaeltacht.

Tá poist nua á fhógairt agus cuirim fáilte roimh an bhfostaíocht nua san Indreabhán, ach cailleadh poist freisin sna ceantair Gaeltachta. An féidir leis an Aire Stáit a rá linn an mbeidh poist nua á fhógairt ag an údarás sna míonna atá le teacht? An bhfuil airgead ann don infheistíocht seo? An bhfuil "pipeline" ann, mar a deireann an IDA do na tionscnaimh seo?

Tá na poist atáthar ag cur ar bun thiar ar an Spidéal ag Mylan nó Bioniche Pharma thar a bheith tábhachtach. Taispeánann sin an chomhoibriú a bhí idir Údarás na Gaeltachta agus an IDA, go dtáinig an 220 post seo isteach san iarthar agus a rachaidh chun socair go mór don cheantar Gaeltachta sin. Poist de ard-chaighdeán agus poist an-mhaith ar fad iad. Tá Údarás na Gaeltachta de shíor ag lorg dreamanna úr le h-infheistíocht a dhéanamh san ceantair Gaeltachta. Tá siad ag plé le comhlachtaí sa Ghaeltacht. Tá a fhios ag na Teachtaí go bhfuil cuid de na comhlachtaí ag leathnú na fostaíochta atá acu i láthair na huaire, fiú amháin i mo cheantar fhéin. Tá an t-údarás fite fuaite sna forbairtí sin.

Maidir leis na hacmhainní, tá €6 mhilliún de dheontas chaipitil ag an údarás i mbliana, mar a bhí aige anuraidh. Ba mhaith linn go mbeadh sé níos mó, ach ar a laghad, d'éirigh linn é a choinneáil ag an leibhéal a raibh sé anuraidh. Deir feidhmeannaigh an údaráis liom go mbeidh ar a laghad €4 mhilliún, €5 mhilliún nó €6 mhilliún eile acu, mar a bhí anuraidh, óna gcuid acmhainní fein. Táim iontach dóchasach go n-éireoidh leo na 400 post úr atá beartaithe acu don bhliain seo a bhaint amach. Tá níos mó ná cruthú fostaíochta úr sna Gaeltachtaí i gceist. Tá sé an-thábhachtach chomh maith go gcoinneofar na 7,000 post lán-aimseartha atá ann cheana. Tá an t-údarás ag plé leis na gcliant-chomhlachtaí lá i ndiaidh lae le déanamh cinnte de go bhfuil gach tacaíocht le fáil fá choinne na poist atá lonnaithe ansin a choinneáil. Rud maith é sin. Is é sin an chéad céim, na poist sin a choinneáil agus ansin poist agus fostaíocht úr a thabhairt isteach. Ainneoin na deacrachtaí eacnamaíochta agus an ghéarchéim eacnamaíochta agus airgeadais, tá mé dóchasach go n-éireoidh leis an údarás an sprioc sin a bhaint amach.

An féidir leis an Aire Stáit na figiúrí a thabhairt dúinn arís? Ní raibh seans agam cloisint cé mhéid post atá caillte agus cruthaithe agus na spriocanna don bhliain seo.

Cruthaíodh 734 post nua sa Ghaeltacht sa bhliain a chuaigh thart, 2011, ach nuair a thógtar na poist a chailleadh san áireamh, bhí glanchaillteanas de 104 post. Is é sin le rá go raibh 104 níos lú ag obair i gcliant-chomhlachtaí an údaráis ag deireadh 2011 ná mar a bhí ag tús na bliana.

Go raibh maith agat. Tá an fhadhb chéanna sna Gaeltachtaí agus atá go forleathan ar fud na tíre. Chruthaigh Enterprise Ireland sé post breise san iomlán an bhliain seo chaite. Cailleadh méid mór post an bhliain seo chaite agus an balance a bhí ann sa deireadh ná sé post. Fadhb mhór í seo. Tá naoinear ag imeacht ar imirce ón tír gach uair den lá i rith na bliana. Caithfimid níos mó infheistíochta a dhéanamh agus níos mó airgid a chur isteach chun an fhadhb seo a réiteach. Cé mhéid de na post sin a chruthaigh comhlachtaí dúchasach agus cé mhéid acu a tháinig ó chomhlachtaí iasachtach? Tá sé iontach tábhachtach nach ndéanaimid dearmad ar na comhlachtaí dúchasach mar tá siadsan ag fulaingt ag an bomaite seo. Táimid ag fáil i bhfad níos mó poist ó thar lear - agus is rud maith é sin - ach ní cheart dúinn dearmad a dhéanamh faoi na comhlachtaí dúchasach.

Chuala mé scéal nach bhfuil aon bhrú ar na comhlachtaí seo daoine le Gaeilge a fhostú. Mar sin, nuair a thagann comhlacht ó thar lear, is minic a bhíonn daoine le Béarla de dhíth orthu nó á éileamh acu. Níl aon riail ann go gcaithfidh na daoine atá fostaithe sna comhlachtaí faoi scáth Údaráis na Gaeltachta Gaeilge a bheith acu. Cad é tuairim an Aire Stáit faoi sin?

Aontaím leis an Teachta go bhfuil na comhlachtaí dúchasach tábhachtach. Tagann na comhlachtaí móra isteach nuair a oireann sin dóibh agus go minic imíonn siad ar an gcaoi céanna. Tá ceangailt níos mó ag na comhlachtaí dúchasach leis an tír. Ón eolas ar Údarás na Gaeltachta atá agam mar Theachta Dála le 30 bhliain, creidim go dtugann sé aire mhaith do chomhlachtaí dúchasach. Deirtear liom go neamhoifigiúil go bhfuil níos mó léiriú suime ag fiontair dúchasach anois fostaíocht agus tionscail a chur ar bun ná mar a bhí le tamall anuas, agus is dea-chomhartha é sin. Tá an imirce againn agus tá an líon atá dífhostaithe, thart ar 450,000, ró-ard. Is é an prionsabal atá ag an Rialtas agus an chospóir nó an aidhm atá againn ná tabhairt faoi an dífhostaíocht. Beidh an deacracht eacnamaíochta againn go dtí go n-ísleofar an dífhostaíocht agus is dúshlán mór é.

Ó d'éirigh leis an reifreann an tseachtain seo chaite, sílim go mbeidh muinín níos mó anois ag comhlachtaí idirnáisiúnta i dtodhchaí eacnamaíochta na tíre seo. Cífidh siad go bhfuilimid ceangailte leis an Eoraip, agus má bhíonn aon deacracht againn, go mbeidh airgead le fáil ón Eoraip. Tugann sin seasmhacht don tír agus sílim go mbeidh sin ina bhuntáiste d'Údarás na Gaeltachta, don IDA agus daoine eile nuair a théann siad ag lorg infheistíochta ó Mheiriceá nó cibé tír, agus go mbeidh sé níos éasca dóibh an jab a dhéanamh nuair a fheicfear an cinneadh a rinne muintir na hÉireann an tseachtain seo chaite sa reifreann.

An bhfuil aon eolas ag an Aire Stáit mar gheall ar phoist ó thurasóireacht sa Ghaeltacht? An bhfuil aon phlean aige sa treo sin maidir leis The Gathering an bhliain seo chugainn?

Is ócáid mhór thábhachtach a bheidh sa "chomhchruinniú", The Gathering, a bheidh againn an bhliain seo chugainn. B'fhéidir go bhfuil focal Gaeilge níos fearr ar sin ag an fear as Cúige Mumhan ná mar atá agam. Beidh an chomhthionól, nó cibé a thugaimid air, an-thábhachtach. Beidh gach Aire agus gach Teachta ag déanamh teagmhála le gach duine, cibé áit a bhfuil siad, a bheidh ag iarraidh teacht ar ais anseo, idir gaolta agus daoine a d'imigh. Beidh fáilte Uí Cheallaigh rompu uilig i ngach páirt d'Éirinn chuig a dtagann siad. Beidh na brait dearga taobh amuigh de gach teach ag cur fáilte roimh na daoine seo. Tá an togra seo an-thábhachtach.

Is páirt tábhachtach do thionscal na tíre seo an turasóireacht. Tugann sé €3.5 billiún isteach ó thaobh amuigh den tír agus cuireann sé 180,000 duine ag obair sa tír. Tá súil agam go mbeidh méadú dá réir air nuair a thagann na daoine seo go léir isteach an bhliain seo chugainn. Smaoineamh ar dóigh atá ann agus is fiú tacaíochta a thabhairt dó. Tá mé cinnte go mbeidh tacaíocht ar fáil do seo ó ghach taobh den Teach.

B'fhéidir go bhféadfaí an focal "bailiúchán", focal cóngarach d'Fhine Gael agus d'Fhianna Fáil, a úsáid. Maidir leis an gconradh, braitheann gnó ar bhrabús agus braitheann brabús ar éileamh. Tá an t-éileamh ag ísliú thart timpeall na hEorpa faoi láthair de bharr na polasaithe déine atá sa chonradh. Tá a fhios ag aon duine a bhfuil cúlra gnó aige go dtiteann an brabús nuair a thiteann an t-éileamh, agus sin atá ag tarlú.

Ag teacht ar ais go dtí an cheist, cad é tuairim an Aire Stáit faoi riachtanas a bheith ann Gaeilge a bheith ag duine atá ag iarraidh post a fháil i gcomhlacht faoi scáth Údarás na Gaeltachta?

Ceist chasta í sin. Sílim gur léirigh Údarás na Gaeltachta le blianta anuas go mbíonn fáilte mhór roimh daoine a labhrann Gaeilge a fhostú. Maidir le cuid de na monarchain a thug mé féin cuairt orthu - is beag ceantar Gaeltachta nár thug mé cuairt air - tá a fhios agam gur bhí agus go bhfuil lúcháir orm a fheiceáil go raibh agus go bhfuil atmaisféar Gaeilge iontu uilig. Ach ar ndóigh, bíonn eisceachtaí ann. Nuair a bhíonn post ar fáil ag a bhfuil ard-cáilíochtaí agus scileanna ag baint leis nach bhfuil ag duine sa cheantar nó sa Ghaeltacht, caithfear an duine a thabhairt isteach. Tarlaíonn sin. Tharla sé 30 bliain ó shin. Tugadh daoine isteach a raibh an Béarla acu, ach tá na monarchain ag dul ar aghaidh go fóill. Mar sin, má théann tromlach na bpost do lucht na Gaeilge, sin mar is ceart é a bheith, ach má tá scileanna speisialta riachtanach agus muna bhfuil siad le fáil sa cheantar, is fearr duine a fhostú a dhéanfaidh an obair, cé acu i mBéarla nó i nGaeilge, fad is go labhrann an chuid is mó de na hoibrithe an Ghaeilge. Sílim go dtugann an t-údarás aird ar an riachtanas le Gaeilge agus go gcoiníonn sé a shúile ar na hoibrithe atá ag obair i monarchain an údaráis. B'fhéidir nach mbeadh tionscal ansin ach amháin go bhfuil siad sa Ghaeltacht.

Top
Share