Skip to main content
Normal View

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 June 2012

Wednesday, 6 June 2012

Questions (6, 7, 8, 9)

Question:

6Deputy Michael P. Kitt den an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfar athrú ar scéimeanna na gCampaí Samhraidh sa Ghaeltacht agus na gColáistí Samhraidh sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [27110/12]

View answer

Niall Collins

Question:

7Deputy Niall Collins den an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta cad iad na pleananna atá aige faoin Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, 2010-2030, chun an Ghaeilge a chaomhnú sa teaghlach; cén beartas atá aige do theaghlaigh na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [27218/12]

View answer

Pádraig Mac Lochlainn

Question:

8Deputy Pádraig Mac Lochlainn den an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige aon scéim cosúil le Líofa 2015 a chur ar bun sa stát seo; agus, mura bhfuil, míniú a thabhairt ar an bhfáth nach bhfuil. [27088/12]

View answer

Seán Crowe

Question:

28Deputy Seán Crowe den an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta cathain a bheartaíonn sé na scéimeanna teanga nua a leathnú go dtí gach limistéar Gaeltachta; agus cad iad na critéir a úsáideadh chun na háiteanna inar bunaíodh scéimeanna teanga cheana féin a roghnú. [27093/12]

View answer

Oral answers (10 contributions)

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 6, 7, 8 agus 28 le chéile.

I gcomhréir lena bhfuil ráite i gclár an Rialtais, tá sé mar thosaíocht ag mo Roinnse tacú leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm agus tabhairt faoi na spriocanna indéanta atá luaite inti. Cé go dtréaslaím leis an tionscnamh "Líofa 2015" i dTuaisceart Éireann, a bhfuil sé mar aidhm aige 1,000 duine a spreagadh ó thuaidh chun líofacht sa Ghaeilge a bhaint amach faoin mbliain 2015, ní miste a rá go bhfuil sé mar aidhm againne sa dlínse seo líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge a ardú go 250,000 duine thar shaolré na straitéise 20 bliain don Ghaeilge.

Sa chomhthéacs seo, ba mhaith liom aird na dTeachtaí a tharraingt ar bhearta ar leith a bhfuil tosaíocht á tabhairt dóibh. D'fhógair mé an clár tacaíochta teaghlaigh ar an 26 Aibreán, a bhfuil sé mar aidhm aige an Ghaeilge a threisiú mar theanga teaghlaigh agus pobail sa Ghaeltacht. Faoin gclár seo, tá mo Roinnse ag tabhairt faoi 12 beart ar leith chun tacú le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil a gclann le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu a gclann a thógáil le Gaeilge. Mar shampla, tá tús curtha ag mo Roinnse, i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, le feachtas feasachta chun na buntáistí a bhaineann le páistí a thógáil le Gaeilge a chur in iúl do mháithreacha atá ag súil le páiste nó a bhfuil páiste nuabheirthe acu.

Tá i gceist ag mo Roinn freisin forbairt a dhéanamh ar scéim na gcúntóirí teanga chun freastal níos fearr a dhéanamh ar pháistí i scoileanna Gaeltachta chun a gcuid Gaeilge a shealbhú agus a shaibhriú.

Ar ndóigh, tá sé tábhachtach nach bhfuil an Ghaeilge ceangailte leis an scoil amháin in intinn an pháiste agus, dá bhrí sin, tá sé beartaithe forbairt a dhéanamh ar scéim na gcampaí samhraidh chun díriú ar raon níos leithne páistí ó thrí bliana d'aois go 14 bliana d'aois, agus béim bhreise a chur ar na gníomhaíochtaí a thacóidh le saibhriú teanga.

Chomh maith leis sin, tá sé i gceist cur chuige nua a fheidhmiú le déagóirí na Gaeltachta chun cur ina luí orthu gur buntáiste breise í an Ghaeilge dóibh. Tá sé beartaithe cúrsaí oiliúna faoi leith a chur ar bun do dhéagóirí ón nGaeltacht a bhfuil Gaeilge líofa acu ionas go mbeidh siad ábalta dul ag obair mar chúntóirí sna coláistí Gaeilge. Tá sé beartaithe fosta tacaíocht a chur ar fáil do na coláistí Gaeilge chun na déagóirí seo a fhostú mar chúntóirí ar chúrsaí Gaeilge faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge de chuid mo Roinnse.

Maidir leis an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht, a d'fhógair mé ar an 26 Aibreán, táim ag súil an Bille Gaeltachta 2012 a fhoilsiú go han-luath. Tabharfar feidhm reachtúil faoin mBille don phróiseas pleanála teanga faoina mbeidh plean teanga á ullmhú ag leibhéal an phobail d'achan cheantar Gaeltachta. Tá sé i gceist faoin bpróiseas pleanála teanga go mbeidh an Ghaeltacht roinnte i 19 ceantar pleanála teanga ar leith. Bunaíodh na ceantair seo ar cheantair phleanála Údarás na Gaeltachta, ag tógáil san áireamh cúinsí teanga, cúinsí tíreolaíocha, struchtúir pobail agus dlús daonra. Tá sé cinn de na ceantair phleanála teanga is láidre ó thaobh úsáid na Gaeilge de roghnaithe cheana féin chun tús áite a thabhairt dóibh maidir le hullmhú pleananna teanga. Is iad na ceantair atá i gceist ná dhá cheantar i nGaeltacht Dhún na nGall, dhá cheantar i nGaeltacht na Gaillimhe, chomh maith le Ciarraí Thiar agus na Déise. Ní mór a bheith soiléir gurb í seo an chéad chéim sa phróiseas agus go bhfuil sé i gceist, de réir a chéile, aghaidh a thabhairt ar an bpróiseas seo sna ceantair phleanála teanga go léir.

Ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire Stáit maidir leis na campaí samhraidh. Mar a dúirt sé, tá béim á leagadh ar pháistí idir trí bliana agus sé bliana d'aois agus ar scoláirí idir seacht mbliana agus 14 bliana d'aois. Os rud é go bhfuil níos mó scoláirí i gceist i láthair na huaire, an mbeidh níos mó airgid ar fáil chun an athrú seo a bhaint amach? An bhfuil aon athrú le déanamh ar an scéim a bhaineann leis na scoláirí a théann go dtí na coláistí samhraidh sa Ghaeltacht?

Dúirt an tAire Stáit go mbeidh an Bille Gaeltachta bunaithe ar an teanga in áit na tíreolaíochta, mar atá an reachtaíocht faoi láthair. Conas a bheidh an Bille leagtha amach, de réir na straitéise 20 bliana? Cén fáth nár thug an tAire Stáit cuireadh do na daoine sna ceantair go léir? Ba cheart go mbeadh muintir na 19 ceantar páirteach, ach níor tugadh cuireadh ach amháin go dtí daoine ó sé cheantar.

Is cinnte go bhfuil ról an-lárnach agus an-tábhachtach ag na coláistí samhraidh i saol na tíre agus i gcur chun cinn na Gaeilge. Tá an-obair á dhéanamh acu agus tabharfaimid gach tacaíocht dóibh as seo amach. Iarradh orm an ráta céanna in aghaidh an lae a bhí ann anuraidh a thabhairt do na mná tí, atá mar chuid an-tábhachtach d'obair na gcoláiste samhraidh, i mbliana. Tá a fhios ag an Teachta gur tháinig ísliú ar an ráta le cúpla bliain anuas. Gheobhaidh na mná tí €9.90 in aghaidh an lae le haghaidh gach dalta. Is toradh maith é sin i gcomhthéacs na ndeacrachtaí atá againn.

Mar a dúirt mé, beidh ról ag déagóirí na Gaeltachta sna coláistí samhraidh agus sna campaí samhraidh. Tá an réimse aoise a bhaineann leis na campaí samhraidh leathnaithe againn. Beidh daltaí idir trí bliana agus 14 bliana d'aois ag freastal orthu. Cuirfidh sé sin go mór le hobair na gcampa, a bhfuil tionchar mór acu ar aos óg na Gaeltachta.

Baineann costas airgeadaíochta leis sin.

Beimid ag breathnú ar an airgead sna Meastúcháin fá choinne é sin a chur i bhfeidhm chomh maith agus is féidir. Labhair an Teachta mar gheall ar na 19 ceantar pleanála teanga. Táimid ag tosnú le sé cheantar. Tá mé tar éis insint cén áit ina bhfuil siad. Ní fhéadfadh muid tosnú le 19 ceantar. Níl na hacmhainní pearsanra againn chun é sin a dhéanamh. Beidh ar Údarás na Gaeltachta agus dreamanna eile dul amach go dtí na ceantair seo chun cuidiú agus comhairle a thabhairt do mhuintir na háite. Sa tslí sin, tiocfaidh na pleananna teanga ón phobal féin. Gheobhaidh siad treoir agus comhairle ón údarás. Ní féidir linn na 19 ceantar a dhéanamh le chéile. Déanfar iad ar bhonn céimnithe - anois agus go luath ina dhiadh sin agus arís eile go dtí go bhfuil na 19 ceantar clúdaithe. Is é sin an fáth go bhfuil siad á dhéanamh ar bhonn céimnithe de réir a chéile.

Ní féidir breithiúnas a thabhairt ar an mBille Gaeilge ós rud é nach bhfuil sé foilsithe go fóill. Tá mé ag iarraidh breithiúnas a thabhairt ar an méid ata déanta ag an Rialtas go dtí seo. Is féidir linn fanacht go dtí go bhfeicimid an reachtaíocht sin, lena bhfuilimid ag súil.

Tá fadhbanna ag na coláistí samhraidh. Níl an éileamh céanna ar spásanna sna coláistí samhraidh ann i mbliana, i gcomparáid leis na blianta roimhe seo. Chuala mé ar an talamh go mbeidh deacrachtaí ag cuid acu na spásanna sin a líonadh, go háirithe i mí Lúnasa seo chugainn.

Ba mhaith liom níos mó eolais a fháil ón Aire Stáit faoi spriocdátaí na scéimeanna teanga atá luaite aige. Tá mé ag smaoineamh go háirithe faoin chéad dream lena bhfuil sé ag dul ar aghaidh. Cén spriocdáta atá i gceist aige chun é a leathnú amach go dtí na ceantair eile?

D'iarr mé i gCeist Uimh. 8 an bhfuil sé i gceist ag an Rialtas scrúdú a dhéanamh ar an togra Líofa 2015 atá á eagrú ag an Aire sa Tuaisceart, Carál Ní Chuilín ó Shinn Féin. Mar is eol don Aire Stáit, is é cuspóir an togra sin, atá oscailte do chách, ná 1,000 cainteoir nua Gaeilge a chruthú sa Tuaisceart roimh 2015. Tá an-éileamh ar an scéim. Is rud iontach é go bhfuil póilíní sa Tuisceart agus duine nó beirt ón DUP agus na páirtithe eile tar éis clárú don togra.

Mar is eol don Aire Stáit, d'eagraigh Bernard Dunne an feachtas Bród, a bhí cosúil leis an scéim Líofa. Bhí sé ag iarraidh an méid duine a labhraíonn an Gheilge sa tír seo a leathnú. Cén fáth nach bhfuil togra den tsórt sin á reachtáil ag an Rialtas? Tá cumhacht agus airgead ag an Aire Stáit. Cé gur rud beag é daoine nua a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid, is rud tábhachtach é.

Cén fáth nach bhfuil togra ar nós Líofa 2016 á chruthú ag an Rialtas chun ómós a thabhairt do na laochra a throid ar son saoirse na tíre seo? Tá an tAire Stáit i gcónaí ag rá go bhfuil a chluasa oscailte le haghaidh smaointí nua. Iarraim air inniu tacaíocht a thabhairt do togra ar nós Líofa 2016 sa Stát seo, a mheallfadh an méid is mó daoine agus is féidir chun líofacht a chur ar a gcuid Gaeilge.

Sílim gur scéim mhaith í an scéim Líofa. De réir mar ata ráite ag an Teachta, tá ag éirí go maith leis. Tá sé ar intinn ag na húdaráis ó Thuaidh 1,000 duine a fháil a bhfuil fonn acu an Ghaeilge a labhairt. Bhí mé i mBéal Feirste agus i Stormont nuair a rinne an tAire, Carál Ní Chuilín, láinseáil ar an scéim. Chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm. Bhí réimse leathan den phobal, ó gach taobh agus gach páirtí, i láthair. Is rud maith é sin. Céim ar aghaidh a bheidh ann má éiríonn leo 1,000 duine a fháil. Ar ndóigh, tá sé ar intinn againn líon na gcainteoirí laethúla sa tír seo a ardú go dtí 250,000 le linn na straitéise 20 bliain don Ghaeilge. Is féidir a rá go bhfuil pleananna níos mó agus níos uaillmhianacha againn i gcomparáid leis an bplean ó Thuaidh.

Mar Aire Stáit, is cinnte go bhfuil mé sásta aon moladh fiúntach ar bith, ina measc an moladh atá déanta ag an Teachta maidir le 1916, a scrúdú. Más rud é go gcuideoidh sé liom an Ghaeilge a threisiú i measc an phobail, is fiu éisteacht leis. Tá pleananna maidir leis an Ghaeilge á ullmhú i gcomhthéacs comóradh 1916. Bhí an Ghaeilge mar pháirt an-thábhachtach den Éirí Amach don Phiarsach féin. Tá Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile ag scrúdú a gcuid pleananna i láthair na huaire. Tá an tAire, an Teachta Deenihan, mar chathaoirleach ar an gcomhchoiste céiliúradh atá againn agus tá mé mar leas-chathaoirleach. Tiocfaidh na grúpaí éagsúla isteach chun cur i láthair a dhéanamh ar na bpleananna atá acu maidir le páirt lárnach a thabhairt don Ghaeilge le linn an chomóraidh. Tá sé sin beagnach socraithe againn. Aontáim leis an gcur chuige atá againn.

Maidir leis na coláistí samhraidh, bhí imní orainn go raibh na figiúrí ag laghdú. Freastalaíonn idir 24,000 agus 25,000 scoláire ar na coláistí gach bhliain. Tá súil agam nach mbeidh titim tubaisteach ar na figiúrí sin i mbliana. Tá deacrachtaí eacnamaíochta sa tír seo. Cosnaíonn sé airgead daltaí a chur go dtí an Ghaeltacht, cosúil le gach áit eile. Is dócha go bhfuil sé sin ag cur isteach ar dhaoine. Más rud é go bhfuil titim, tá súil agam nach mbeidh sé ró-mhór. Níos luaithe sa bhliain, bhí imní orainn go mbeadh titim. Dé réir an scéal atá ag teacht ar ais chugam go neamhoifigiúil, níl rudaí chomh holc agus a shíleamar go mbeidís. Cífimid de réir mar a théann sé ar aghaidh caidé mar a bheidh sé. Mar adúirt mé, tá suíl agam nach mbeidh an titim ró-mhór, mar go bhfuil obair chomh tábhachtach sin ar siúl acu.

Dúirt an tAire Stáit cheana gurb é an chospóir atá ag an straitéis 20 bliain ná an méad daoine le Gaeilge a dhúbailt le linn tréimhse áirithe. De réir an daonáirimh, tháinig feabhas ar líon na bhfigiúirí atá ag úsáid na Gaeilge chuile lá taobh amuigh den chóras oideachais, ach is feabhas an-bheag atá i gceist. Tá Gaeilge á labhairt ag 77,000 daoine sa tír chuile lá. Nílimid chun an chospóir 250,000 daoine a bhaint amach má leanaimid ag an luas seo go 2030. Caithfimid níos mó daoine a chur leis an bhfigiúr seo. Caithfimid céim díreach a thógaint ar aghaidh. Ní leor chospóir a bheith againn ach implementation plan agus timescale a bheith againn chomh maith. Tá an plean ann. Ní gá dúinn ach féachaint trasna na Teorainne, agus tá an cumhacht ag an Rialtas.

Deireann an tAire Stáit gur ceart moltaí a chur chuige le déanamh. Táim ag iarraidh anois go sínfeadh sé a lámh trasna an urláir seo inniu agus go n-aontódh sé le seo. Táim ag iarraidh go mbeadh sé sásta teacht ar ais chugainn agus a rá linn go ndearna an Oireachtas an cinneadh seo agus go bhfuil sé sásta é a chur i bhfeidhm.

Tá dhá cheist agam don Aire Stáit os rud é go bhfuilimid ag caint mar gheall ar smaointí nó tuairimí nua. Maidir leis an teanga sa teaghlach agus cúrsaí oideachais, an bhfuil tuairimí ag an Aire Stáit i dtaobh marcanna breise don scrúdú béil? Cad é a thuairim faoi sin?

Freagróidh mé ceisteanna an Teachta Tóibín ar dtús. Gabhaim buíochas lena bhfuil ráite aige. Beimid sásta suí síos leis an Teachta aon uair agus aon mholadh atá aige a phlé. Tá mo dhoras oscailte gach lá a bhfuil mé anseo i mBaile Átha Cliath. Dála an scéil, bhí ceannaire Shinn Féin istigh againn cheana féin, cúpla mí ó shin, le cuid dá chomhghleacaithe agus bhuail mise agus an tAire, an Teachta Deenihan, leis. Phléamar cúrsaí Gaeilge, cultúrtha agus teanga, agus bhí an-chomhthuiscint eadrainn. Beidh fáilte roimh an Teachta freisin. Aon uair a bhím i gContae na Mí, bíonn an Teachta ann. Tá sé an-díograsach agus dícheallach i mbun a chuid dualgas ansin. Bíonn fáilte roimhe i gcónaí agus bíonn lúcháir agus áthas orm é a fheiceáil. Táimid ag lorg moltaí ón bpobal a chuirfidh leis an bplean atá againn 250,000 duine a bheith ag labhairt Gaeilge go laethúil sa tír. Má éiríonn linn sin é a bhaint amach, beidh mé lán sásta. B'fhéidir nach mbeidh mé beo nuair a bheidh an 20 bliain suas, ach ar a laghad beidh mé thar a bheith sásta go bhfuil sé bainte amach againn.

Maidir leis an cheist a chur an Teachta Kitt i dtaobh an scrúdú béil, mar atá ráite agam, thosaigh an ardteistiméireacht inniu leis an scrúdú Bhéarla. Cuirim fáilte roimh an cinneadh a rinne an tAire Oideachais agus Scileanna go mbeidh 40% de na marcanna ag dul don scrúdú béil. Tá éisteacht, labhairt agus scríóbh sa scrúdú agus tá labhairt na teanga thar a bheith tábhachtach. Sílim go mbeidh tionchar mór ag seo ar labhairt na Gaeilge. Ní fhéadfaí baoite níos fearr a bheith againn le bheith ag tabhairt ar dhaoine an teanga a labhairt ná béim a bheith ar labhairt sa scrúdú. Is féidir le daltaí altanna agus aistí a scríobh atá de ghlan mheabhar acu, ach tá sé iontach tábhachtach go bhfuil cumas labhartha acu, agus aontaím ar fad le sin. Beidh sé le feiceáil sna cúpla bliain amach romhainn cad é an feabhas a thiocfaidh ar labhairt na Gaeilge ag an leibhéal sin. Seo iad na daoine a bheidh ag dul isteach sna choláistí oiliúna le bheith ina múinteoirí, agus tá sé iontach tábhachtach go mbeadh cumas Gaeilge acu fá choinne í a thabhairt don chéad glúin eile.

Top
Share