Skip to main content
Normal View

Toghcháin d’Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 3 July 2012

Tuesday, 3 July 2012

Questions (376)

Dara Calleary

Question:

392 D’fhiafraigh Dara Calleary den Áire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir le luach €500,000 de choigiltis atá luaite leis an mBille Gaeltachta agus a éireoidh as deireadh a chur le toghcháin Údarás na Gaeltachta, cé mhéid coigilteas airgid a bheadh i gceist dá mbeadh toghcháin an Údaráis ar siúl an lá céanna le toghcháin na gComhairlí Contae. [31621/12]

View answer

Written answers

Nuair a thógtar san áireamh na costais iomlána a bhaineann le toghcháin a reáchtáil d'Údarás na Gaeltachta, ar a n-áirítear costais foirne, fógraíochta, taistil, iompair, aistriúcháin, clódóireachta etc., chomh maith le costais cionroinnte leis na húdaráis áitiúla, meastar nach mbeadh an oiread sin difríochta idir an costas a bhainfeadh le toghcháin d'Údarás na Gaeltachta a reáchtáil leo féin agus an costas a bhainfeadh lena reáchtáil ar an lá céanna leis na toghcháin áitiúla.

Top
Share