Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 4 July 2012

Wednesday, 4 July 2012

Questions (144)

Peadar Tóibín

Question:

147 D’fhiafraigh Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir leis an monarcha i gCill Chiaráin, Contae na Gaillimhe, darb ainm Arramara Teoranta, agus leis na líomhaintí atá ann gur tharla gadaíocht sa chuideachta cúpla bliain ó shin, ar tharla imscrúdú faoi na líomhaintí sin; ar cuireadh na líomhaintí sin in iúl do na Gardaí; murar cuireadh in iúl amhlaidh iad, cén fáth nár tharla sin; cad iad na cáilíochtaí atá ag an mbainisteoir nua ann (sonraí tugtha); an aontóidh sé go bhfuil sé mídhleathach nach bhfuair an fostaí aon choinníollacha poist; agus an fíor go mbeidh ar an bhfostaí sonraí a phoist a athrú anois. [32516/12]

View answer

Written answers

Is cuideachta í Arramara Teoranta atá faoi lán-úinéireacht Údarás na Gaeltachta. Ní mór dom a shoiléiriú don Teachta, dá réir, nach bhfuil aon ról agamsa mar Aire Stáit i mbainistiú na cuideachta, ar a n-áirítear ceisteanna maidir le coinníollacha poist agus cáilíochtaí fostaithe. Maidir leis an gceist faoi líomhaintí gadaíochta sa chuideachta cúpla bliain ó shin, tuigim óÚdarás na Gaeltachta go ndearna bainistíocht na cuideachta ag an am imscrúdú cuí faoi na líomhaintí seo, ag cur san áireamh gur i bhfoirm litreach anaithnide a rinneadh na líomhaintí.

Top
Share