Skip to main content
Normal View

Foirne Scoile

Dáil Éireann Debate, Thursday - 12 July 2012

Thursday, 12 July 2012

Questions (70)

Éamon Ó Cuív

Question:

69 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil athmheas déanta ag an Aire Stáit (sonraí tugtha), mar a gheall sé sa Seanad ar an 28ú lá de Mheitheamh, ar an gcinneadh gan an dara hoide a fhágáil i Scoil Inis Meáin go mórmhór ó tharla go mbeidh ochtar scoláire sa scoil an bhliain seo chugainn, cad é toradh an athmheasa sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [34052/12]

View answer

Written answers

I gCiorclán Bunoideachais 0007/2012, atá le fáil ar shuíomh gréasáin mo Roinne, leagtar amach na socruithe foirne do na bunscoileanna go léir, scoileanna oileáin ina measc, don scoilbhliain 2012/13. I measc na socruithe sin tá soláthar don dara nó don tríú phost múinteoireachta príomhshrutha a choinneáil i scoil oileáin, faoi réir ag tairseacha áirithe daltaí, 8 agus 45 faoi seach, agus sa chás amháin gurb í an scoil sin an t-aon bhunscoil amháin atá fágtha ar an oileán. Níl aon athrú déanta ar an bhfoirniú atá beartaithe don scoil dá dtagraíonn an Teachta sna socruithe atá foilsithe don scoilbhliain 2012/13, faoina ndéantar scoil aon oide den scoil in ionad scoil dhá oide. Ar bhun eolais a chuir an scoil ar fáil maidir leis na reámh-mheastacháin de na rollacháin thar na blianta amach romhainn, beidh an rollachán ag athrú idir 8 agus 4 dalta sa tréimhse idir Meán Fómhair 2012 agus Meán Fómhair 2014.

Chun comparáid a dhéanamh, éilítear ar na scoileanna beaga a ndeachaigh an beart buiséid i gcion orthu bheith ag réamh-mheas 17 dalta ar a laghad i mí Mheán Fómhair 2012 chun bheith in ann an dara múinteoir acu a choinneáil go sealadach i scoil dhá oide.

Tá an Rialtas seo tar éis an t-oideachas a chosaint sa mhéid gur féidir leis. Tá laghduithe i bhfad níos mó ná sin á ndéanamh ar an gcaiteachas, agus ar líon na bhfostaithe sa tseirbhís phoiblí, in earnálacha eile, i gcomparáid leo sin atáá ndéanamh i scoileanna. Ach tá teorainneacha leis an leibhéal caiteachais ar an oideachas agus leis an líon post múinteoireachta is acmhainn linn. In aimsir seo na deacrachta geilleagraí, táthar ag iarraidh ar na fostaithe uile sa tseirbhís phoiblí na seirbhísí poiblí againn a sheachadadh le leibhéal laghdaithe acmhainní, agus ní cheart go mbeadh múinteoirí i scoileanna beaga díolmhaithe ón éileamh sin.

Top
Share