Ar an 26 Aibreán 2012, d'fhógair mé an Clár Tacaíochta Teaghlaigh a bhfuil sé mar aidhm aige an Ghaeilge a threisiú mar theanga teaghlaigh agus pobail sa Ghaeltacht i gcomhréir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Faoin gClár seo, tá mo Roinnse ag tógáil 12 beart ar leith chun tacú le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil a gclann le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu a gclann a thógáil le Gaeilge.
Mar chuid de na bearta seo, táthar ag soláthar pacáiste tacaíochta do thuismitheoirí a dhéanann teagmháil le mo Roinnse. Go dtí seo, tá 87 iarratas faighte ag mo Roinnse don phacáiste tacaíochta. Tá leabhrán sa phacáiste tacaíochta do thuismitheoirí, a bhfuil sé mar chuspóir aige comhairle phraiticiúil a chur ar thuismitheoirí maidir le páistí a thógáil le Gaeilge, chomh maith le dlúthdhiosca rannta agus leabhar rannta atá oiriúnach do pháistí. Tá obair idir lámha ag mo Roinnse faoi láthair i dtreo cur leis an bpacáiste tacaíochta seo.