Skip to main content
Normal View

Oifig an Choimisinéara Teanga

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 18 July 2012

Wednesday, 18 July 2012

Questions (25, 26)

John McGuinness

Question:

15 D’fhiafraigh John McGuinness den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéid airgid a shábhálfar trí Oifig an Choimisinéara Teanga a chur isteach in Oifig an Ombudsman, an bhfuil sé sásta le gnó a dhéanamh trí Ghaeilge le muintir na Gaeltachta. [35395/12]

View answer

Pádraig Mac Lochlainn

Question:

45 D’fhiafraigh Pádraig Mac Lochlainn den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén plé atá déanta idir é féin agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir lena chinneadh siúd faoin Choimisinéir Teanga a tharraingt siar. [35026/12]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 15 agus 45 le chéile.

D'fhógair an Rialtas ar an 17 Samhain 2011 go raibh cinneadh tógtha feidhmeanna Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman agus go raibh an cinneadh sin le cur i gcrích i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tógadh an cinneadh sin mar chuid de Phlean Athchóirithe an Rialtais don tSeirbhís Phoiblí. Faoin bPlean sin, tá sé beartaithe ag an Rialtas go ndéanfar cuíchóiriú ar 48 comhlacht poiblí faoi dheireadh na bliana 2012. Ina theannta sin, bhí athbhreithniú criticiúil le déanamh ar 46 comhlacht poiblí eile faoi dheireadh na míosa seo caite.

Tá sé ráite go soiléir ag an Rialtas nach sábháil airgid amháin atáá lorg sna cúrsaí seo. Mar atá ráite ibPlean Athchóirithe an Rialtais don tSeirbhís Phoiblí, tiocfaidh na buntáistí is suntasaí as timpeallacht riaracháin níos simplí agus níos éifeachtaí a bheith ann, rud a thabharfaidh cuntasacht dhaonlathach níos fearr, níos lú dúblála agus línte freagrachta níos soiléire don saoránach.

Glactar leis, ar ndóigh, go dtagann saincheisteanna chun cinn do na heagraíochtaíéagsúla atá i gceist de thoradh na gcinntí seo agus go bhféadfadh leasuithe reachtaíochta a bheith san áireamh chomh maith. Tá coiste athchóirithe bunaithe ag mo Roinnse chun scrúdú a dhéanamh ar na saincheisteanna ábhartha a bhaineann leis na heagraíochtaí ar leith a thagann faoina scáth. Tá an coiste seo ag plé leis na heagraíochtaíéagsúla atá i gceist, lena n-áirítear Oifig an Choimisinéara Teanga, le gur féidir cinntí an Rialtais a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil. Tá plé rialta idir mo Roinnse agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i dtaca leis na hábhair seo fosta.

Tá tuarascálacha ar dhul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm cinntí an Rialtais i gcás na n-áisíneachtaí a thagann faoi scáth mo Roinnse agus a bhfuil comhtháthú le déanamh orthu, curtha faoi bhráid na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag mo Roinnse le gairid. Bheinn ag súil go rachfar faoi bhráid an Rialtais arís i dtráth cuí chun dlús a chur le cur i bhfeidhm na gcinntí i gcás na n-áisíneachtaí seo, lena n-áirítear Oifig an Choimisinéara Teanga. Tuigfidh na Teachtaí, ar ndóigh, nach bhfuil ar mo chumas san idirlinn bheith níos sonraí faoi na cúrsaí seo.

Top
Share