Skip to main content
Normal View

Maoiniú Scoileanna Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 18 July 2012

Wednesday, 18 July 2012

Questions (38)

Pádraig Mac Lochlainn

Question:

32 D’fhiafraigh Pádraig Mac Lochlainn den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas maidir le maoiniú leanúnach le haghaidh Eagraíocht na Scoil-eanna Gaeltachta. [35025/12]

View answer

Written answers

Ceadaíodh deontas arbh fhiú€70,000 é d'Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta i mí na Samhna 2011 i leith tréimhse 6 mhíó Nollaig 2011 go deireadh mí na Bealtaine 2012. Tá€11,898 den deontas sin fós le híoc. Chomh luath is a chuirtear cuntas críochnúil don tréimhse iomlán sin faoi bhráid mo Roinne — ar cuireadh fios air ar an 29 Meitheamh 2012 — beifear in ann gníomhú mar is gá.

Tá an t-iarratas atá déanta ag Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta ar mhaoiniú don tréimhse ó Mheitheamh go Nollaig 2012 á mheas faoi láthair. Tá mo Roinnse ag fanacht ar shoiléiriú breise ón eagraíocht maidir le gnéithe áirithe den iarratas agus déanfar cinneadh chomh luath agus a bheidh an t-eolas seo ar fáil. Cuirfear san áireamh mar is cuí na forbairtí is deireanaí atá tagtha ar an gceist faoi chónascadh idir Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna.

Top
Share