Skip to main content
Normal View

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 18 July 2012

Wednesday, 18 July 2012

Questions (4)

Question:

4Deputy Michael P. Kitt den an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta mar gheall ar an Straitéis Fiche Bliain, cé na cruinnuithe a bhí aige; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [35512/12]

View answer

Oral answers (6 contributions)

Aithnítear sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 go bhfuil gá le cur chuige céimneach chun bearta éagsúla na straitéise a chur i gcrích. Le linn 2011, thug oifigigh mo Roinnse faoi chéim an bhunaithe den straitéis inar díríodh ar bhunú na struchtúr eagraíochtúil agus oibríochtúil. Le linn na bliana seo, tugadh tús áite do dhréachtú Bhille na Gaeltachta 2012. Tá an Bille sin ag dul tríd an Teach seo faoi láthair agus táim ag súil go mbeidh sé achtaithe go luath. Chomh maith le cúrsaí reachtaíochta, tá mo Roinnse ag tabhairt tús áite do ghníomhaíochtaí praiticiúla faoin straitéis, mar shampla, an cár tacaíochta teaghlaigh, a bhfuil sé mar aidhm aige an Ghaeilge a threisiú mar theanga teaghlaigh agus pobail sa Ghaeltacht i gcomhréir leis an straitéis.

Tá struchtúir ar leith bunaithe chun an straitéis a sheachadadh agus eagraítear cruinnithe, de réir mar is gá, faoi na struchtúir seo: tá an Coiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht, a bhfuil an Taoiseach ina chathaoirleach air, ag déanamh maoirseachta ar an dul chun cinn leis an straitéis; tá grúpa oifigeach sinsearach, atá comhdhéanta d'oifigigh ardleibhéil ó na Ranna cuí, ag tacú leis an gcoiste rialtais; tá grúpa idir-rannach, a bhfuil mise, mar Aire Stáit, mar chathaoirleach air, ag déanamh comhordú ar chur i bhfeidhm na straitéise; agus tá aonad straitéise i mo Roinn freagrach as pleanáil agus feidhmiú na straitéise a threorú.

Maidir leis an gCoiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht, beidh an chéad chruinniú eile den choiste sin ann amárach. Maidir leis an ngrúpa Idir-rannach atá ag feidhmiú faoi mo chathaoirleacht, bhí an cruinniú deireanach den ghrúpa sin ann ar an 27 Meitheamh 2012 chun cur i bhfeidhm réimsí sonracha gnímh sa straitéis a bhrú chun cinn ar bhealach comhtháite. Chomh maith leis na grúpaí atá luaite agam, tá trí ghrúpa oibre ardleibhéil bunaithe ag mo Roinnse leis na príomhpháirtithe leasmhara chun dlús a chur le feidhmiú réimsí gnímh éagsúla den straitéis. Eagraítear cruinnithe de na grúpaí oibre sin, de réir mar is gá.

Nuair a d'fhoilsigh an Rialtas deiridh an straitéis 20 bliain don Ghaeilge, bhí plean treorach ann maidir le caomhnú agus athbheochan na Gaeilge thar tréimhse 20 bliain. Mar adúirt an tAire Stáit agus é ag tabhairt freagra ar cheist eile, bhí réimse difriúil ann ag an am, maidir leis an Ghaeltacht, oideachas, an clann, seirbhísí poiblí, an eacnamaíocht, na meáin cumarsáide agus reachtaíocht. Ar bhaineadh aon rud as an réimse sin le cur leis an straitéis? An cuspóir atá ag an straitéis ná líon na ndaoine a labhraíonn an teanga go laethúil a mhéadú. Cén polasaí atá ag an Aire Stáit chun an chuspóra sin a bhaint amacht?

Sílim go bhfuil Bille na Gaeltachta ag díriú isteach ar sin, agus an straitéis 20 bliain chomh maith. Is é an aidhm agus an cuspóir atá leis an straitéis ná go mbeidh 250,000 sa bhliain ag labhairt na Gaeilge go laethúil agus go dtiocfaidh méadú 25% ar an líon daoine a bhíonn ag labhairt na Gaeilge go laethúil taobh istigh den Ghaeltacht.

Tá sé mar chroí lár sa Bhille atá ag dul tríd an Dáil agus an Seanad, chomh fada agus a bhaineann sé leis an Ghaeltacht, níos mó cainteoirí dúchais a chothú ins an Ghaeltacht. Sin an fáth go bhfuil 19 gceantar pleanála teanga ar fud na Gaeltachta, i gcontae an Teachta féin, Gaillimh, i mo chontae féin, Dún na nGall agus i Mhuigheo, Corcaí, Ciarraí, An Mhí, Port Láirge agus ins na Gaeltachtaí ar fad. Táimid ag iarraidh ar mhuintir na Gaeltachta teacht linn agus pleananna teanga a ullmhú. Beidh spriocanna á leagadh síos ó bhliain go bliain agus beidh cuidiú, comhairle agus tacaíocht le fáil ó Údarás na Gaeltachta chuige sin. Beidh comhairle agus tacaíocht ar fáil ó na hollscoileanna agus ón Roinn féin.

Beimid ag tabhairt deis do mhuintir na Gaeltachta, don chéad uair riamh, lámh a bheith acu ina gcinniúint teanga féin. Go dtí seo, bhí na Ranna agus boird ag insint dóibh caidé a bhí le déanamh, ach anois beidh siad ag brath orthu féin. Beimid ag súil leis an dea-mhéin agus an tacaíocht don teanga atá imeasc an phobail agus a chonaic mise le bliain agus mé ag dul ar fud na tíre. Beimid ábalta úsáid a bhaint as sin, le cabhair ón údarás agus ón Stát, agus tiocfaidh méadú, de réir mar atá luaite sa straitéis, ar an líon cainteoirí, ní hamháin ins an Ghaeltacht ach taobh amuigh di. Sin an fáth go bhfuil clár tacaíochta teaghlaigh againn, go bhfuil Bille na Gaeltachta ag dul tríd agus go bhfuil straitéis 20 bliain don Ghaeilge ann. Is é an cuspóir atá againn cur le líon na gcainteoirí Gaeilge laethúil ins an Ghaeltacht agus taobh amuigh di.

Maidir leis na cruinnithe, an mbeidh aon pholasaí nua ag teacht ó na cruinnithe a bhí ag an Aire Stáit? An raibh cruinnithe ag an Aire leis na heagrais Gaeilge, iadsan atá ag moladh go gcuirfear an díospóireacht ar an mBille siar go dtí an fómhar? Deir na heagrais Gaeilge nach bhfuil gá leis an deifir agus go mb'fhearr fanacht, an Bille a láidriú agus é a dhéanamh fiúntach agus fadradharcach.

Bím sásta bualadh leis na heagrais Gaeilge aon uair. Aon uair a thagann iarratais isteach ó na heagrais Gaeilge bím sásta bualadh leoBhuail mé le go leor acu ó ceapadh im Aire Stáit mé. An tseachtain seo chaite bhuail mé le ceann des na príomh eagrais Gaeilge. Tá cur agus cúiteamh agus caidreamh agus cumarsáid eadrainn go rialta, go seachtanúil agus uaireanta go laethúil.

Maidir leis an Bhille féin, is cinnte go bhfuilimid ag iarraidh é a chur tríd an Dáil amárach. Tá Bille Gaeltachta beartaithe le 20 bliain. Táimid ag ullmhú don Bhille seo le dhá bhliain déag, ó tháinig tuairisc Choimisiún na Gaeltachta, an suirbhé teangeolaíochta agus tuairisc an chomhchoiste Oireachtais amach. Tá na forálacha atá sa Bhille pléite agus athphléite. Bhí a fhios ag gach duine sa tír a raibh suim aige ins an Ghaeilge agus ins an Ghaeltacht cad a bhí le bheith ins an Bhille. D'fhógair mé féin é cúpla uair. Chaitheamar deich n-uair sa tSeanad á phlé, bhíomar anseo Déardaoin agus Dé hAoine seo chaite. Dála an scéil, Dé hAoine seo chaite thit an tóin as an díospóireacht mar nach raibh éinne anseo chun labhairt agus b'éigean dúinn é a chur chun chríche sular tharla sé. Bhí go leor cainteoirí ar an taobh seo den Teach ach bhí ganntanas cainteoirí ón Fhreasúra. Labhair an Teachta Kitt, labhair sé go maith agus cuirim fáilte roimh an méid a bhí le rá aige, ach ní raibh aon chainteoirí ag teacht óna thaobhsa den Teach agus b'éigean deireadh a chur leis an díospóireacht. Beidh trí huaire go leith againn amárach agus sin tamall fada. Beidh an Bille pléite go maith agus tá sé in am é a bheith reachtaithe anois. Beidh an gléasra ina áit ansin leis an straitéis a chur i bhfeidhm.

Beidh a lán leasaithe á mholadh amárach.

Top
Share