Wednesday, 18 July 2012

Questions (6, 7, 8, 9)

Michael McGrath

Question:

6Deputy Michael McGrath den an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta cén polasaí atá aige chun an teanga Ghaeilge a choinneáil beo, cén polasaí atá aige chun fostaíocht a chaomhnú sna ceantair Ghaeltachta [35400/12]

View answer

Mary Lou McDonald

Question:

13Deputy Mary Lou McDonald den an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta an féidir leis an Aire a dheimhniú go mbeidh an maoiniú a íoctar le hÚdarás na Gaeltachta ar an leibhéal céanna an bhliain seo chugainn nó níos airde i bhfianaise an ualaigh breise oibre a bheidh orthu ó thaobh pleanáil teanga de. [35027/12]

View answer

Sandra McLellan

Question:

38Deputy Sandra McLellan den an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéid post atá cruthaithe agus caillte sa Ghaeltacht sa chéad leath den bhliain; an bhfuil na figiúirí seo de réir na spriocanna atá leagtha síos ag a Roinn. [35028/12]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

39Deputy Aengus Ó Snodaigh den an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta cad iad na spriocanna atá ag an Aire maidir leis an méid post a chruthófar sa Ghaeltacht sa dara leath den bhliain. [35029/12]

View answer

Oral answers (17 contributions) (Question to Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht)

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 6, 13, 38 agus 39 le chéile.

Is sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge 2010-30 atá polasaí an Rialtais maidir le caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge leagtha amach. Tá sé ráite i gclár an Rialtais 2011-16 go dtabharfaidh an Rialtas tacaíocht don straitéis agus go ndéanfaidh sé na spriocanna indéanta atá luaite inti a sheachadadh. Tá lárfhreagracht ar mo Roinn maidir le cur i bhfeidhm na straitéise, a bhfuil sé mar aidhm aige an Ghaeilge a chur chun cinn i ngach réimse den saol. Cuimsíonn an cur chuige atá idir lámha ag mo Roinn faoin straitéis 20 bliain cláir theangalárnaithe, faoina dtugtar cúnamh reatha d'eagraíochtaí agus do thograí teangalárnaithe, agus cúnamh caipitil do thograí teangalárnaithe. Tá tuilleadh eolais faoi na gníomhaíochtaí seo ar shuíomh gréasáin mo Roinne, www.ahg.gov.ie. Mar thoradh ar shaineolas Údarás na Gaeltachta sa Ghaeltacht ón uair gur bunaíodh é in 1980, thóg an Rialtas cinneadh polasaí in 2011 go leanfadh an túdarás ag plé le forbairt fiontraíochta sa Ghaeltacht agus go dtabharfaí cúram breise dó maidir le cur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain sa Ghaeltacht. Tabharfar feidhm reachtúil do na forálacha seo faoi Bhille na Gaeltachta 2012, atá ag dul tríd an Teach seo faoi láthair.

Tá suim iomlán de €19.082 milliún curtha ar fáil i Vóta mo Roinne d'Údarás na Gaeltachta don bhliain reatha chun cuidiú leis a chuid spriocanna a bhaint amach. Anuas air sin, tá cead ag an údarás an fáltas a fhaightear ó dhíol maoine a athinfheistiú ina chláir chaipitil. Tuigim go mbeidh fáil ag Údarás na Gaeltachta ar thuairim is €5 mhilliún eile i mbliana chun na críche sin. Is i gcomhthéacs phróiseas na Meastachán a dhéanfar cinntí sonracha maidir leis an mbealach is fearr le freastal ar na héilimh éagsúla atá ar mo Roinn, lena n-áirítear na héilimh a eascróidh as cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht in 2013. Ar ndóigh, baineann an t-údarás lán-tairbhe as polasaithe fiontraíochta an Rialtais chun cuidiú leis cláir agus scéimeanna atá iomaíoch, éifeachtach agus oiriúnach a chur ar fáil chun leas eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha phobal na Gaeltachta a threisiú. Tá dhá phríomhaidhm le straitéis fiontraíochta an údaráis: comhlachtaí seirbhísí idirnáisiúnta eolasbhunaithe a mhealladh chun na Gaeltachta agus an cumas fiontraíochta a bhaineann le hearnálacha dúchasacha a spreagadh, lena n-áirítear acmhainní mara, an turasóireacht, na healaíona agus an teanga. Is ar bhonn suirbhé bliantúil a dhéanann Údarás na Gaeltachta tuairisciú ar phoist a cruthaíodh agus a cailleadh. Foilseofar na figiúirí don bhliain 2012 ag tús 2013 nuair atá an suirbhé bliantúil curtha i gcrích. Is í an sprioc fostaíochta atá ag an údarás do 2012 ná 400 post nua a chruthú sa Ghaeltacht.

An gceapann an tAire Stáit go gcabhróidh Bille na Gaeltachta 2012 linn an Ghaeilge a choinneáil beo agus fostaíocht a chaomhnú sna Gaeltachtaí? Tá na heagrais Ghaeilge ag rá nach gcabhróidh sé. B'fhéidir go mbeidh treoracha nua againn i dtaobh an údaráis, ach ní bheidh an t-údarás daonlathach. Ní bheidh ionadaithe sealadacha ag na Gaeltachtaí i gCorcaigh, i bPort Láirge agus i gContae na Mí. An féidir leis an Aire Stáit níos mó béime a chur ar an teanga a choinneáil beo agus ar fhostaíocht a chaomhnú sa Ghaeltacht?

Mar is eol don Teachta agus na Teachtaí ar fad, tá ábhair machnaimh sna tuairiscí atá curtha ar fáil maidir le labhairt na Gaeilge sna Gaeltachtaí. Tá 97,000 duine ina gcónaí sna Gaeltachtaí i láthair na huaire. Sa daonáireamh is déanaí, dúirt 23,000 dóibh go labhraíonn siad an Ghaeilge go laethúil. Mar sin, tá fadhb ann. Cuireadh an fhadhb céanna, a bhí soiléir i dtorthaí an daonáirimh, in iúl dúinn arís nuair a rinneadh an suirbhé teangeolaíochta. Is é sin an fáth go bhfuil an Rialtas ag díriú isteach ar Bille na Gaeltachta 2012 agus an straitéis 20 bliain don Ghaeltacht. Is é sin an fáth go bhfuilimid ag iarraidh ar na ceantair Gaeltachta, atá roinnte suas i 19 limistéir teanga, pleananna teanga a chruthú agus a thabhairt chun tosaigh le tacaíocht ón údarás, ón acadamh, ón Roinn agus ó shaineolaithe eile. Is é an cuspóir an Bhille ná an taoide a chasadh ar ais, sa dóigh is go dtiocfaidh ardú de 25% ar líon na gcainteoirí dúchais sa Ghaeltacht amach anseo, de réir mar atá luaite sa straitéis. Ba mhaith linn an rud céanna a dhéanamh sa chuid eile den tír. Deireann 1.77 milliún duine ar fud na tíre, idir Gaeltacht agus Galltacht, go bhfuil eolas de chineál éigin acu ar an teanga agus labhraíonn 77,000 dóibh an Ghaeilge gach lá. Nuair a fheicim an dea-mhéin agus an dea-thoil atá don teanga ar fud na tíre, sílim go bhfuil féidearthachtaí móra againn. Thug mé cuairt ar go leor gaelscoileanna, gaelcholáistí agus eagraíochtaí eile a dhéanann a gcuid oibre trí Ghaeilge. Ba cheart dúinn dul i bhfeidhm orthu siúd atá dea-mhéin, dea-thoil agus tacaíocht acu don Ghaeilge. Is é an cuspóir uaillmhianach na straitéise agus na reachtaíochta ná go mbeidh 250,000 duine ag labhairt an Ghaeilge go laethúil i gceann 20 bliain. Má oibríonn gach éinne le chéile agus má úsáideann muid an dea-thoil, an dea-mhéin agus an tacaíocht atá léirithe agam, tá dóchas agam go n-éireóidh linn an cuspóir sin a bhaint amach.

Tá sé iontach soiléir ón méid atá ráite ag an Aire Stáit nach bhfuil an foinse airgid cuí curtha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta ionas go mbeidh an t-údarás in ann na dualgaisí breise a bheidh aige ó thaobh Bille na Gaeltachta 2012 a chomhlíonadh. Tá a fhios againn go maith nach bhfuil eagraíocht Gaeltachta ar bith sásta leis an mBille. Más léir don Aire Stáit go bhfuil eagraíocht éigin sásta leis an dóigh ina bhfuil an Rialtas ag caitheamh leis an reachtaíocht, b'fhéidir go dtig leis an Dáil a chur ar an eolas ina thaobh. Cuirfidh Bille na Gaeltachta dualgaisí faoi leith ar ghrúpaí pobail atá ag obair go deonach. Ba mhaith liom rud a tharla sa tseachtain atá thart a luadh. Téann an dóigh a caitheadh le Dónal Ó Cnáimhsí, garraíodóir atá ag obair don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, tar éis dó labhairt faoin mBille seo ar Raidió na Gaeltachta, go dtí croí na ceiste seo. Is masla millteanach é gur scríobh an Roinn chuige i mBéarla ag bagairt a phost air siocair gur ghlac sé páirt sa phróiseas daonlathach. Is masla millteanach é gur scríobh oifigigh na Ranna i mBéarla chuig Dónall Ó Cnáimhsí agus go bhfuil siad fós ag bhagairt a phoist air siocair go bhfuil sé ag glacadh páirt sa phróiseas daonlathach.

Tá ceist eile agam ar an Aire Stáit. Arbh é féin a chur in iúil do dhuine ar bith ina Roinn go raibh Dónall Ó Cnáimhsí ag obair mar gharraíodóir don Roinn? An ndúirt sé a dheamhan le duine ar bith de oifigigh na Ranna go raibh Dónall Ó Cnáimhsí, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta, ag obair mar gharraíodóir ina Roinn? An seasann sé leis an litir seo a chuir an Roinn amach, i mBéarla, chuig urlabhraí Ghuth na Gaeltachta, an dara litir atá curtha chuige anois, ag bagairt a phoist air siocair go bhfuil sé ag labhairt amach agus ag déanamh obair dheonach ar son na Gaeltachta agus ar son phobal na Gaeilge?

Is cinnte nach bhfuil aon cheist thíos faoin ábhar seo, faoi phearsa ar bith. Ach mar sin féin, ba mhaith liom an oiread seo a rá. Tá aithne agam ar Dhónall Ó Cnáimhsí. Tá a fhios agam go bhfuil sé ag obair agus gur garraíodóir éifeachtach é. Ní raibh a fhios agam gur cuireadh aon litir amach chuige go dtí gur tháinig sé agus gur labhair sé liom. Rinne mé fiosrúchán ansin agus fuair mé amach go ndeachaigh litir amach chuige. Sin an scéal. Ní Roinn an-mhór muid. Tá a fhios ag muintir na Ranna cé tá ag obair ins gach áit. Déantar monatóireacht i ngach Roinn ar cad atá á rá ag na meáin maidir leis an Roinn agus le polasaithe na Ranna, agus tarlaíonn an monatóireacht céanna i Roinn seo againne.

Caithfidh mé a rá arís nach bhfuil aon ionchur ag an Aire mar a caitear leis na daoine atá ag obair sa Roinn ins an Stát Seirbhís. Tá córas anseo ó bunaíodh an Stát i 1922. Éinne a théann isteach ins an Stát Seirbhís síníonn sé conradh, tá rialacha agus cód ansin agus caithfidh sé coinneáil leo. Má déantar aon trasnú air sin baineann sé le bainistíocht na Ranna agus níl aon bhaint ag an Aire leis. Níl mise i mo Aire Stáit ach le bliain agus fuair mé sin amach. Aon duine eile a bhí ina Aire, tuigeann sé an rud céanna. Tá an líne ansin, ní thrasnaíonn Airí an líne agus níl mise chun an líne a thrasnú ach an oiread.

Anois, rachaidh mé ar ais go dtí an cheist a cuireadh maidir le hÚdarás na Gaeltachta agus le cur chun cinn na teanga. Rinne mé iarracht freagra a thabhairt. Tá an Bille ag dul tríd. Táthar ag rá go bhfuilimid ag iarraidh an daonlathas a chur chun siúil ins an Ghaeltacht. Táimid ag tabhairt seans do mhuintir na Gaeltachta, don ghnáth dhuine sa Ghaeltacht. Tá aithne ag an Teachta Ó Dochartaigh ar an ghnáth dhuine ins an Ghaeltacht. Tá siad ina gcónaí thart ins na tairsigh agus amach ar an chlochar. Ní bhíonn siad ar Raidió na Gaeltacht darna achan lá ag inseacht caidé le déanamh. Tá na mílte acu ó Dhún na nGall síos go Corcaí agus táimidne ag iarraidh ar na pobail sin cuidiú linn. Tá mise ag fáil glaochanna as gach aird den Ghaeltacht ag iarraidh orm coinneáil leis an rud atá mé ag déanamh mar go bhfuil mé ag tabhairt róil do mhuintir na Gaeltachta don chéad uair ariamh. Níl mé ag teacht anuas ón sliabh leis na deich n-aitheanta maidir leis an Ghaeilge, mar a dhein Maoise. Ní Maoise mise. Níl ionamsa ach Aire Stáit ins an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Táimid ag tabhairt deis dos na pobail seo a theacht amach, comhoibriú linn agus a rá linn cad ba mhaith leo a bheith ag dul ar aghaidh agus cad é a thig linn a dhéanamh fá choinne an teanga a choinneáil beo. Tá sí ag fáil bháis thart orainn agus tá mé cinnte go bhfuil a fhios sin ag an Teachta Ó Dochartaigh ó dhul thart. Tá mise á fháil amach, tá mé cinnte go bhfuil an Teachta Ó Dochartaigh á fáil amach agus tá na figiúirí ansin.

Níl mise a dhul a bheith anseo i rith mo shaoil. Níl a fhios agam cén fhad a bheidh mé anseo. Ach, ar a laghad nuair a fhágfaidh mé an Roinn tá súil as Dé agam go mbeidh mé ábalta a rá gur chuir mé stop leis an trádhadh agus, má tharlaíonn aon rud, go dtiocfaidh an taoide isteach do lucht na Gaeltachta arís. Is fada an lá ó dúirt Seosamh Mac Grianna i 1932, "Tabhair lámh do mhuintir na Gaeltachta ina ngnóithe féin". Sin an rud atá mé a dhéanamh, an rud adúirt Seosamh Mac Grianna i 1932. Tá mé ag tabhairt deis do mhuintir na Gaeltacht lámh a bheith acu i dtodhchaí a dteanga féin don chéad uair. An rud a bhí againn go dtí seo, níor éirigh leis. Dá n-éireofaí leis ní bhéinn anseo inniu ag casaoid an rud atá mé a dhéanamh.

Is dul chun cinn úr é seo. Is dea-uair é seo. Táimid ag iarraidh an pobal a mhealladh linn. Tá acmhainní teoranta againn. Níl dabht fá dtaobh de sin. Nílimid chun dul isteach ins an argóint sin anois. Ta €60 milliún á chur ar fáil do mo Roinn agus €19 milliún a chur ar fáil do Údarás na Gaeltachta, agus caithfimid an úsáid is fearr a bhaint as na hacmhainní sin. Níl a fhios agam caidé an méid a bheidh againn an bhliain seo chugainn. Beimid ag troid fá choinne gach pingin agus gach euro. Tá súil agam go mbeidh go leor againn.

Ach tá mise iontach dóchasach, nuair a bhéas an Bille tríd agus nuair a bhéas oifigigh na Ranna agus Údarás na Gaeltachta agus daoine eile amuigh imeasc an phobail ag iarraidh orthu teacht linn, go rachaimid go léir ag siúl le chéile agus go dtiocfaimid i dtír ar an dea-thoil agus ar an dea-mhéin sin atá imeasc cosmhuintir na hÉireann agus ghnáth mhuintir na Gaeltachta, nach bhfuair deis go dtí seo. Tá siad ag fáil na deise anois. Beidh na cruinnithe againn. Tá cuid acu tosaithe cheana féin. Nuair a bhéas an Bille tríd agus an struchtúr ansin againn rachaimid ar aghaidh ó sin.

Tá mise iontach dóchasach ón taithi atá agam anseo. Fear Gaeltachta mé féin, cosúil leis an Teachta Ó Dochartaigh. Chaith mé mo shaol sa Ghaeltacht. Labhraim an teanga. Tá mo dhílseacht i ngach rud ins an Stát seo. Is cinnte go bhfuil mo chroí ins an Ghaeilge. Níor mhaith liom go mbéadh sé scríofa ar mo thuama nár shábháil mé an Ghaeilge. Is é an rud ab fhearr a thiocfadh liom a bheith scríofa air, "Suaimhneas síorai dá anam agus shábháil sé an Ghaeilge".

Beidh sé deacair é sin a leanúint. Ach tá ceist agam ar an Aire Stáit faoin údarás. Bhí sé ag caint mar gheall ar theoracha agus ar dhualgais nua. Tá an t-údarás ag cabhrú le postanna a chur ar fáil. Tá 1,700 post i gcomhlachtaí de chuid an údaráis sa Ghaeltacht faoi láthair. Ach cad mar gheall ar an uimhir a luaitear sa straitéis, is é sin go gcuirfear 8,500 post ar fáil i gcionn trí bliana? Cé chaoi ar féidir leis an Aire Stáit é sin a dhéanamh? Sin an uimhir atá sa straitéis.

Is ar Údarás na Gaeltachta atá feidhmeanna fiontraíochta sa Ghaeltacht. Nuair a bhéas an Bille reachtaithe leanfaidh Údarás na Gaeltachta ag comhlíonadh na ndualgas sin. Chomh maith leis sin, beidh ról lárnach ag an údarás ins an straitéis 20 bliain agus i bpleanáil na limistéirí pleanála Gaeltachta.

Maidir leis na teorainneacha, an uair dheireannach a leagadh síos teorainneacha na Gaeltachta sa tír ba é1956, nó 56 bliana ón am seo. Is mó an t-athrú a tháinig ar an Ghaeltacht ó shin. Tá a fhios againn go léir go bhfuil ceantair ins an Ghaeltacht nach bhfuil an Ghaeilge láidir iontu agus tá ceantair eile agus, buíochas le Dia, tá an Ghaeilge measartha láidir iontu go fóill, ach faoi bhrú. Níl mise, mar Aire Stáit, chun a rá go gcaithfear ceantar sin amach agus go gcoinneofar an ceantar seo istigh. Táimid chun seans a thabhairt dóibh na pleananna forbartha teanga a chur ar aghaidh. Beidh bliain nó dhó acu chun é sin a dhéanamh. Má táimid sásta gur plean réadúil é agus go bhfuil spriocanna leagtha síos, déanfar monatóireacht air sin ar feadh cupla bliain. Má tá pobal adeir nach bhfuil aon fonn air a bheith sa Ghaeltacht nó plean teanga a dhéanamh amach, is cinnte go mbeidh impleachtaí do theorainneacha na Gaeltachta.

Tá daoine i gcoinne an Bhille. Bhí mé ag éisteacht leo agus phléigh mé leo é ar na meáin Béarla agus Gaeilge. Is é an fáth go bhfuil siad ina choinne ná nach bhfuilimid ag tarraingt teorainneacha na Gaeltachta láithreach. Ní bhéadh sé sin ceart. Tá rud ar a dtugtar próis chuí, due process. Beidh cead ag gach duine dul isteach agus má thagann siad aníos leis na pleananna déanfaimid ár ndícheall. Má dhiúltaíonn siad teacht aníos leis na pleananna beidh impleachtaí ansin do theorainneacha na Gaeltachta. Ach ag an phointe seo, ní bhéadh sé ceart nó cóir é a dhéanamh gan seans a thabhairt dóibh.

Bhí an t-Aire Stáit ag caint ar ghnáth dhaoine sa Ghaeltacht. Is mór an náire do Aire Stáit a bhfuil cúram na Gaeltachta air a bheith sásta seasamh suas agus a rá nach bhfuil Dónall Ó Cnáimhsí ar dhuine de ghnáth dhaoine na Gaeltachta. Tá an t-Aire Stáit ag caint ar ghnáth dhaoine na Gaeltachta nach bhfuil ag caint ar Raidió na Gaeltachta darna achan lá, ag iarraidh cur in iúil nach ghnáth daoine Gaeltachta Dónall Ó Cnáimhsí, lucht Ghuth na Gaeltachta agus daoine mar iad. Níl a dhath ag cur stop leis an Aire Stáit seasamh suas inniu agus ag rá go molann sé Dónall Mac Cnáimhsí agus gach duine eile atá ag obair go deonach ag cur chun tosaigh na Gaeltachta. Lig do oifig na n-acmhainní daonna sa Roinn cibé rud a dhéanamh. Ach mar Aire Stáit, ba chóir dó cosaint a thabhairt do dhaoine atá ag obair go deonach ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun tosaigh agus a bheith mar pháirt den phróiseas dhaonlathach ag moladh leasaithe ar an mBille. B'fhéidir nach bhfuil siad sásta leis an méid atá an t-Aire Stáit ag rá ach nach bhféadfaí é sin a ligint ar leataobh. Ba cheart go mbéadh an t-Aire Stáit a bhfuil cúram na Gaeltachta air ag seasamh suas ar son gach duine sa Ghaeltacht agus ní hamháin ar son ghnáth dhaoine na Gaeltachta, nach n-áiritear Dónáll Ó Cnáimhsí nó iadsan atá ag caint ar Údarás na Gaeltachta ina measc.

Is mór an náire é don Teachta McGinley. Tá a fhios aige go bhfuil pobal na Gaeltachta feargach leis nach bhfuil sé ag cosaint an fhir seo, agus an Roinn ag bagairt a phoist mar go bhfuil sé ag seasamh suas agus ag déanamh an rud a ba chóir do go leor daoine eile a dhéanamh, seasamh suas ar son na Gaeltachta. Sin an dóigh a thabharfaimís tarrtháil ar an Ghaeilge, ní leis an cineál Bille seo, an raiméis seo atá an tAire Stáit ag cur tríd an Dáil taobh istigh de thrí uair an chloig amárach. Is mór an náire é don Aire Stáit. Tá fearg orm agus ar ghnáth dhaoine na Gaeltachta as an rud atá déanta ag an Aire Stáit.

Tá an daonlathas ann ar fud na tíre. Níl mise mar Aire Stáit ach ar feadh bliana agus tuigim nach bhfuil aon ról agamsa nó ag aon Aire sa tír seo cur isteach ar imeachtaí fhoireann na Roinne. Baineann sé sin go huile agus go hiomlán le bainistíocht na Roinne. Nuair a bhéas an Teachta Ó Dochartaigh mar Bhall den Teach chomh fada agus atá mise agus má bhíonn sé d'ábhar a bheith ina Aire choíche, is cinnte go dtuigfidh sé an difear agus an demarcation line idir an tAire agus an Roinn. Tig leis teacht isteach anseo agus a bheith ag caint faoi mo chomharsa agus a chomharsa. Tá oiread measa agam ar ghach uile duine atá ag obair ar son na Gaeilge. Má tá an Teachta Ó Dochartaigh sásta oibriú ar son na Gaeilge, measaim gur maith an rud é sin. Níl an oiread sin daoine againn go dtig linn neamhíontas a dhéanamh díobh. Ach tá sé ag déanamh léaráide polaitíochta de gnó a bhaineann leis an Roinn agus nach bhfuil baint ar bith agamsa leis. Leagadh síos nuair a bunaíodh an Stát nach bhfuil cead ag Aire cur isteach ar oibrithe. B'fhéidir go bhfuil an dearcadh ag an Teachta Ó Dochartaigh that the Minister can hire and fire. Ní thig liomsa é sin a dhéanamh agus ná bí ag rá gur féidir liom.

Is féidir leat é a mholadh.

Tá an Teachta lán le hypocrisy-----

Níor mhol tú é.

(Interruptions).
(Interruptions).

Níl meas dá laghad ag an Teachta ar mhuintir na Gaeltachta seachas teacht isteach anseo agus caoineadh ar a son. Rinneamar níos mó ar son na Gaeltachta le 30 bliain anuas ná a dhearna Sinn Féin le 100 bliain. Loit siad agus scrios siad an Ghaeltacht agus chuir siad deireadh le turasóireacht sa Ghaeltacht, agus anois tagann an Teachta Ó Dochartaigh isteach anseo ag caoineadh ar son mhuintir na Gaeltachta. Mharaigh siad rompu agus ina ndiaidh agus chuir siad deireadh le turasóireacht inár gcontae. Sular tháinig an Teachta ar an saol, bhí an paróiste lán le turasóirí. Chuir siad deireadh le sin.

Níor mhol tú é.

Ná bí ag teacht isteach anseo ag caoineadh.

(Interruptions).

Hypocrite den chéad scoth é an Teachta, an hypocrite is mó a tháinig isteach anseo riamh - the biggest hypocrite that ever came down those steps, Piaras Ó Dochartaigh, agus do mhuintir atá i do chuideachta.