Skip to main content
Normal View

Liúntais do Mhúinteoirí

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 October 2012

Tuesday, 9 October 2012

Questions (235)

Éamon Ó Cuív

Question:

235. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén tsábháil mheasta a dhéanfaidh a Roinn sna blianta 2013, 2014 agus 2015 de bharr deireadh a chur leis na liúntais do mhúinteoirí Gaeltachta, do dhaoine atá ag múineadh trí Ghaeilge agus do mhúinteoirí nua; an bhfuil sé i gceist aige an t-airgead seo a chaitheamh ar bheartais eile don Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [43271/12]

View answer

Written answers

Le déanaí cheadaigh an Rialtas roinnt beartas maidir le liúntas seirbhíse poiblí mar thoradh ar athbhreithniú ar fud na seirbhíse ar liúntais agus íocaíochtaí préimhe a rinne an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Níor sannaíodh figiúr ar leith mar shábháil as deireadh a chur leis na liúntais do mhúinteoirí Gaeltachta agus do dhaoine atá ag múineadh trí Ghaeilge do thairbhithe nua múinteoireachta. Is é iomlán na liúntas dá leithéid a íoctar le tairbhithe reatha thart ar €5.1 milliún. Mar sin bainfidh sábháil le leibhéil an athrúcháin i measc na múinteoirí sin sna blianta atá romhainn. Níl togra ar bith ann le sábháil a dháileadh ón mbeartas seo.

Top
Share