Skip to main content
Normal View

An Teanga Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 October 2012

Tuesday, 9 October 2012

Questions (302)

Peadar Tóibín

Question:

302. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an bhfuil sé i gceist aige Gaeleagras a athbheochan; nó an bhfuil sé chun seirbhís dá shamhail a chur ar fáil. [41970/12]

View answer

Written answers

Tá mo Roinn tar éis comhaontú i bprionsabal leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta gur trí oifigí na Roinne sin a sholáthrófar seirbhísí d’fhonn an Ghaeilge a chur chun cinn sa Státseirbhís agus i réimsí áirithe den tseirbhís phoiblí. Ar na seirbhísí seo beidh oiliúint agus measúnú inniúlachta foirne maidir le húsáid na Gaeilge. Táthar ag súil go gcuirfear na seirbhísí seo, chun an Ghaeilge a chur chun cinn, i bhfeidhm go luath an bhliain seo chugainn.

Question No. 303 answered with Question No. 293.
Top
Share