Skip to main content
Normal View

Teastais Breithe

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 October 2012

Tuesday, 9 October 2012

Questions (378)

Éamon Ó Cuív

Question:

378. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Coimirce Sóisialaí cén fáth ar iarradh ar dhuine (sonraí tugtha) a ainm a thabhairt i mBéarla nuair a bhí deimhniú breithe á lorg aige; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [43463/12]

View answer

Written answers

Chuir mé ceist ar an Ard-Chláraitheoir agus seo a leanas an míniú a thug sé dom:

Nuair a dhéantar iontráil i gclár na mbreitheanna, déantar iontráil chomhfhreagrach san innéacs a ghabhann leis an gclár, ionas gur féidir an iontráil a aimsiú gan dua. I gcás an duine i dtrácht (sonraí curtha ar fáil) taifeadadh gach sonra i nGaeilge san iontráil i gclár na mbreitheanna, ach ba i mBéarla a taifeadadh na sonraí san innéacs. Ar ndóigh, rith sé leis an gCláraitheoir go bhféadfadh an cás a bheith amhlaidh, agus b'in an chúis gur iarr sí leagan Béarla a shloinne ar an duine i dtrácht. Ag iarraidh dlús a chur leis an bpróiseas a bhí sí. Faoi mar a tharla, thángthas ar an iontráil cheart sa chlár agus eisíodh deimhniú ina tugadh na sonraí i nGaeilge. Leasófar an iontráil chomhfhreagrach san innéacs ionas nach mbeidh aon amhras ann feasta ach go dtiocfar ar an iontráil cheart nuair a bheidh na hainmneacha cearta á gcuardach.

Top
Share