Skip to main content
Normal View

Seirbhísi Sláinte

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 October 2012

Tuesday, 9 October 2012

Questions (582)

Éamon Ó Cuív

Question:

582. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Sláinte cén fáth go bhfuil an tIonad Cúraim Lae in Áras Mhic Dara dúnta faoi láthair; cén fáth go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar an Ionad Cúraim Lae; cén uair a osclófar an tIonad Cúraim Lae arís; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [42746/12]

View answer

Written answers

Ó tharla gur ábhar é seo a bhaineann le seirbhísí, cuireadh é faoi bhráid Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le haghaidh freagra díreach.

Top
Share