Fuarthas iarratas faoin Scéim um Limistéir faoi Mhíbhuntáiste 2012 ón duine ainmnithe an 23 Aibreán 2012. Níor eisíodh íocaíocht go fóill, áfach, mar nárbh fhéidir go dtí seo a fhíorú gur comhlíonadh ceann de Théarmaí agus Coinníollacha Scéim 2012, a bhaineann le meánmhéid bliantúil de 0.15 aonad beostoic a choimeád in aghaidh an heictéair foráiste dearbhaithe. Chomh luath agus is féidir an coinníoll sin a fhíorú, déanfar an cás a phróiseáil le súil agus íocaíocht a dhéanamh chomh luath ina dhiaidh sin agus is féidir.