Is iarratasóir é an té atá i gceist faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste 2012. Faoi láthair, tá an t-iarratasóir sin ar dhuine de roinnt daoine, a bhfuil tionchar ag an gceanglas maidir le dlús stocála 0.3 d'aonaid bheostoic in aghaidh gach heicteár foráiste ar a laghad ar a gcásanna agus a rinne iarratas ar mhaolú maidir leis sin. Chomh luath is a dhéantar cinneadh maidir leis an iarratas seo, tabharfar fógra i bhfoirm scríbhinn don té atá i gceist. I gcás gur cinneadh diúltach a bheidh ann, tá nós imeachta achomhairc atá go hiomlán neamhspleách ar fáil.