Skip to main content
Normal View

Aersheirbhís Fóirdheonaithe

Dáil Éireann Debate, Thursday - 25 October 2012

Thursday, 25 October 2012

Questions (118)

Éamon Ó Cuív

Question:

118. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a dhéanfar cinneadh maidir leis an tseirbhís aeir fhóirdheonaithe a bheidh ann go hOileáin Árann tar éis don chonradh reatha críochnú; cén uair atá sé i gceist léiriú spéise agus/nó tairiscintí a lorg; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [46930/12]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, beidh an conradh don aersheirbhís fóirdheonaithe chuig na hOileáin Árann i bhfeidhm go dtí deireadh mí Lúnasa 2013. Tá mé ag scrúdú na ceiste seo faoi láthair i gcomhthéacs na gconarthaí eile atá ann do na seirbhísí iompair do na hoileáin agus déanfar cinneadh i dtráth cuí i gcomhthéacs an tsoláthair a bheidh ar fáil dom le fóirdheontais a thabhairt do sheirbhísí den chineál seo.

Top
Share